Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
31 IÚIL 2020, 15:33
Moill curtha ag an Ríocht Aontaithe ar athoscailt na tíre

Tá sé ráite ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson nach mbeifear ag oscailt na tíre anois, a bhí beartaithe don 1 Lúnasa, go ceann coicís eile.

Dúirt an tUasal Johnson ag cruinniú eolais in Downing Street: "De bharr go bhfuil na huimhreacha ag tosú ag ardú arís, measaimid gur chóir moill a chur ar an athoscailt... chun an víreas a choinneáil faoi smacht.

"Bhí sé i gceist againn líon áiteanna a raibh baol níos mó ag baint leo, agus a bhí fós dúnta, a oscailt Dé Sathairn an 1 Lúnasa agus ní bheidh siad sin ag oscailt anois go ceann coicís eile ar a laghad.

"Ciallaíonn sin go mbeidh sé an 15 Lúnasa ar a laghad sula mbeifear in ann casaíní, lánaí babhlála, rinceanna scátála agus na seirbhísí eile a mbíonn dlúth-theagmháil i gceist leo a oscailt arís.

"Ní chuirfear tús arís le taibhithe faoi dhíon, ní bheifear in ann grúpaí níos mó daoine a thabhairt le chéile in ionaid spóirt ná in ionaid chomhdhálacha ar bhonn píolótach, agus ní bheidh bainiseacha suas le 30 duine ceadaithe.  

Dúirt sé cé go raibh dul chun cinn déanta maidir leis an lámh an uachtar a fháil ar Covid-19, ní fhéadfaí a bheith ag ceapadh go raibh an Ríocht Aontaithe saor ó ardú ar chásanna.