Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
6,000 áras cónaithe inacmhainne le tógáil as seo go ceann ceithre bliana
04 BEALTAINE 2021, 11:27
6,000 áras cónaithe inacmhainne le tógáil ar thailte Stáit

De réir bille nua atá á mholadh ag an Aire Tithíochta Darragh O'Brien ó Fhianna Fáil, tógfar suas le 6,000 áras cónaithe a mbeidh sé d'acmhainn ag gnáthdhaoine a cheannach. Árais iad seo - idir thithe agus árasáin - a thógfar ar thailte Stáit.

Áirítear cíos réasúnta agus cothromas comhroinnte sa reachtaíocht nua chomh maith.

De réir an bhille, ní mór 10% de na hárais chónaithe a thógfar in aon fhorbairt tithíochta feasta a chur ar fáil le haghaidh tithíochta sóisialta agus 10% eile a chur ar fáil le haghaidh tithíochta inacmhainne.

Mhaígh Darragh O'Brien go bhfuil an Bille um Thithíocht Inacmhainne ar an reachtaíocht is cuimsithí a tugadh os comhair aon Rialtais riamh.

Dúirt an Teachta Dála ó Neart Le Chéile Mick Barry, áfach, nach gcuirfidh an bille tithíocht ar phraghas réasúnta ar fáil do dhaoine ar ioncam íseal ná meánach.

Chuir sé i leith Darragh O'Brien gur riachtanais na bhforbóirí seachas leas an phobail is mó is cás leis.

Glacfaidh an Rialtas leis an mbille gan aon agó, a dúirt Mick Barry, ach iniúchfar go mion é sa Dáil.

Dúirt an Feisire Eorpach Billy Kelleher ó Fhianna Fáil go bhfuil imní air go bhfuil leatrom á dhéanamh ar cheannaitheoirí céaduaire de bhrí go bhfuil cead ag comhlachtaí móra infheistíochta gach aon áit chónaithe in eastáit tithíochta a cheannach.

Dúirt sé nár mhór don Rialtas an cheist seo a fhiosrú.