Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Ionad tástála Covid-19 i Leitir Ceanainn
04 BEALTAINE 2021, 12:34
Líne speisialta Covid-19 bunaithe ag Gardaí i nDún na nGall

Tá líne speisialta theileafóin bunaithe ag na Gardaí i nDún na nGall le gur féidir leis an bpobal iad a chur ar an eolas faoi thionóil neamhdhleathacha sa chontae.

Ag labhairt di ar Highland Radio, dúirt an Garda Gráinne Doherty gur cóisirí breithlae, cóisirí trá, tórraimh agus cruinnithe daltaí scoile is mó atá ag déanamh buartha do na Gardaí.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar aon duine a bhfuil eolas acu faoi ócáidí den sórt seo glaoch orthu ar 074-9167101.

Baineann an scéal leis an imní atá léirithe ag an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí faoin líon ard cásanna Covid-19 i nDún na nGall.

Dé hAoine seo caite, dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan gur léir go bhfuil go leor daoine i nDún na nGall ag sárú na dtreoirlínte sláinte poiblí i gcomórtas le codanna eile den tír.

D'iarr sé ar cheannairí pobail sa chontae áitiú ar dhaoine cloí le beartais sláinte poiblí, go háirithe más daoine leochaileacha iad nó mura bhfuil an vacsaín faighte acu fós.

Tá míshásamh léirithe ag Teachta Dála Dhún na nGall, Joe McHugh ó Fhine Gael, áfach, faoin méid a dúirt an Príomhoifigeach Leighis.

Mhaígh Joe McHugh gur chuir sé as do mhuintir Dhún na nGall gur dhírigh an Dr Holohan ar an gcontae sin thar aon áit eile sa tír.