Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Covid-19: 1,466 cás nua
12 DEIREADH FÓMHAR 2021, 17:21
Covid-19: 1,466 cás nua, 402 duine in ospidéil

Dheimhnigh an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 1,466 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

402 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, sin beirt níos mó ná inné. Tá 73 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos lú ná inné.

Fógraíodh tráthnóna freisin go bhfuil seisear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,278 cás nua den ghalar ann.

Tá 2,599 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 252,208 duine ó thús na paindéime.

Tá 368 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, le hais 314 inné. Tá 31 acu in aonaid dianchúraim, sin ceathrar níos lú ná inné.