Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Covid-19: 2,066 cás nua (Pic: Getty)
13 DEIREADH FÓMHAR 2021, 16:42
Covid-19: 2,066 cás nua, 408 duine in ospidéil

D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 2,066 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

408 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, sin seisear níos mó ná inné. Tá 69 acu in aonaid dianchúraim, sin ceathrar níos lú ná inné.

I ráiteas a d'eisigh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, dúradh gur bhásaigh 26 duine le Covid-19 sa Stát le seachtain. Fágann sin gur 5,306 duine le Covid-19 a cailleadh ó thús na paindéime.

Dúirt an LeasPhríomh-Oifigeach Leighis, an Dr Rónán Glynn, go bhfuil 300,000 duine fásta sa Stát nach bhfuair an vacsaín go fóill agus go bhfuil 70,000 duine fásta eile ann nach bhfuair ach dáileog amháin den vacsaín.

Tá baint dhíreach ag scéal seo leis an líon daoine atá in ospidéil de bharr Covid-19, a dúirt an Dr Glynn, i bhfianaise nach bhfuil beirt as gach triúr in aonaid dianchúraim vacsaínithe.

Deimhníodh inniu chomh maith go bhfuil duine eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,471 cás den ghalar ann.

Tá 2,600 duine le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 253,679 duine ó thús na paindéime.

Tá 347 othar le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, i gcomórtas le 368 inné. Tá 33 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos mó ná inné.