Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath
13 DEIREADH FÓMHAR 2021, 17:39
Amhras ar an Taoiseach faoi dheireadh a chur le srianta Covid-19

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna nach féidir leis gealltanas a thabhairt go gcuirfear deireadh le srianta Covid-19 ar an 22 Deireadh Fómhair mar atá beartaithe.

Déanfar cinneadh faoin scéal i dtús na seachtaine seo chugainn, a dúirt sé.

Mhaígh an Taoiseach go raibh an méid a dúirt an LeasPhríomh-Oifigeach Leighis, an Dr Rónán Glynn, níos túisce inniu "tromchúiseach."

Tá droch-chor sa scéal, a dúirt Micheál Martin, agus líon na gcásanna Covid-19 tar éis ardú go tobann.

Thug sé le fios go dteastaíonn ón Rialtas tuilleadh faisnéise a fheiceáil le go ndéanfaidh siad a machnamh ar an scéal.

Ní mór don phobal a thuiscint nach bhfuil an galar cloíte fós agus go gcaithfimid dul i dtreis leis i gcónaí, arsa an Taoiseach.

Faoi láthair, tá sé i gceist deireadh a chur ar an 22 Deireadh Fómhair leis na rialacha a bhaineann le scaradh sóisialta agus maisc a chaitheamh taobh amuigh agus in áiteanna príobháideacha taobh istigh.