Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Ashling Murphy (Pic: Comhaltas)
13 EANÁIR 2022, 16:27
"Duine thar dhaoine a raibh gean na leanaí uirthi"

Dúirt príomhoide Scoil Náisiúnta Dharú i dTulach Mhór, Co Uíbh Fhailí, nach raibh grua thirim sa scoil inniu agus gach uile dhuine san áit ag gol na ndeor i ndiaidh Ashling Murphy, múinteoir Rang a hAon a dúnmharaíodh tráthnóna inné.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an príomhoide James Hogan gur thosaigh Ashling Murphy ag múineadh sa scoil mí an Mhárta anuraidh agus gur dhuine thar dhaoine í.

Múinteoir óg ildánach agus an-phroifisiúnta ab ea í, dar leis an bpríomhoide, a raibh gnaoi na leanaí uirthi. Bhí bua an cheoil aici agus bhí scil aici freisin i gcúrsaí spóirt, a dúirt sé.

Thug an príomhoide le fios go raibh deora le súile na ndaltaí i Rang a hAon agus go ndeachaigh sé an-chrua orthu nuair a chonaic siad nach raibh a múinteoir ina gcuideachta inniu.

Aire a thabhairt do na leanaí agus do na múinteoirí sa scoil an príomhchúram atá air anois, a dúirt sé.

Bláthfhleasca ag láthair an mharaithe

Dhearbhaigh sé go bhfuil "plean teagmhais chriticiúla" curtha i ngníomh sa scoil agus go bhfuil scrínte i gcuimhne Ashling Murphy curtha suas i Rang a hAon agus ag doras na scoile.

Iardhalta i Scoil an Chroí Rónaofa i dTulach Mhór ab ea Ashling Murphy agus bhí lucht na scoile sin i measc na ndreamanna éagsúla a thug ómós di inniu.

Chuaigh sí chuig Coláiste Mhuire gan Smál i Luimneach ina dhiaidh sin, mar ar oileadh mar mhúinteoir í.

Dúirt Uachtarán an choláiste Eugene Wall go raibh gach aon duine san áit croíbhriste agus suaite go mór faoi mharú Ashling Murphy.