Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Covid-19:18,904 cás nua (Pic: Getty)
13 EANÁIR 2022, 17:58
Covid-19: 18,904 cás nua, 1,011 duine in ospidéil

D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 18,904 cás nua den ghalar Covid-19 sa Stát ó inné.

1,011 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, sin 44 níos lú ná inné. Tá 92 othar Covid in aonaid dianchúraim, mar a bhí inné.

Dearbhaíodh níos túisce tráthnóna ceithre dhuine dhéag eile le Covid-19 a bheith básaithe sa Tuaisceart agus 2,980 cás nua den ghalar a bheith ann ann.

Tá 3,031 duine le Covid-19 básaithe ó thuaidh ó thús na paindéime.

424 othar le Covid-19 atá in ospidéil sa Tuaisceart inniu, ar ghualainn 439 inné Tá 28 acu in aonaid dianchúraim, sin duine níos lú ná inné.