Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Tá gach cosúlacht ar an scéal go ndíbreofar Novak Djokovic ón Astráil
14 EANÁIR 2022, 08:02
Víosa Djokovic curtha ar ceal ag Rialtais na hAstráile - arís

Tá an víosa a bhí faighte ag an imreoir leadóige Novak Djokovic curtha ar ceal ag rialtas na hAstráile arís. Dúirt an tAire Inimirce, Alex Hawke, go ndearna sé dianmhacnamh ar na cúinsí ar fad a bhain leis an scéal sula ndearna sé a chinneadh.

Bhí víosa faighte ag Djokovic chun páirt a ghlacadh i gCraobhchomórtas Oscailte na hAstráile, in ainneoin nach bhfuil sé sásta a stádas vacsaínithe a dheimhniú. Tugadh díolúine dó ar 18 Samhain, ar an mbonn go raibh Covid 19 air le gairid.

Thuirling sé in Melbourne ar 5 Eanáir, ach diúltaíodh don víosa. Ar dtús, cuireadh an cinneadh sin ar ceal sna cúirteanna agus bhí dóchas aige fós go bhféadfadh sé páirt a ghlacadh sa gcomórtas. Ach de bharr chinneadh an Aire Inimirce aréir, tá an chosúlacht ar an scéal nach mbeidh sé páirteach ann anois. Tá deis amháin fágtha ag Djokovic dúshlán a thabhairt do chinneadh an Aire Hawke sna cúirteanna, ach tuigtear nach bhfuil mórán dóchais ann go mbeadh an bua aige. Is cosúil, mar sin, go ndéanfar é a dhíbirt ón Astráil.