Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Is féidir leis an bpobal a dtorthaí a uaslódáil, mar aon lena ndlúth-theagmhálaithe
14 EANÁIR 2022, 10:58
FSS ag glacadh le torthaí tástálacha antaigine ón lá inniu

Ón lá inniu, is féidir le daoine a bhfuil toradh dearfach faighte acu ar thástáil antaigine na torthaí sin a chlárú ar shuíomh idirlín Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Dúirt FSS inniu gur féidir le daoine a ndlúth-theagmhálaithe a chur ar an gcóras freisin, agus go rachfar i dteagmháil leis na daoine sin.

Thug FSS le fios gurb é an sprioc a bhaineann leis an gcóras nua seo ná comháireamh cruinn a dhéanamh ar líon na gcásanna dearfacha sa tír. Roimhe seo, ní raibh á gcur san áireamh ach torthaí na dtástálacha ISP.

Dúirt Damien McCallion ó FSS ar maidin nach fios go fóill an dtiocfaidh ardú tobann ar líon na gcásanna i bhfianaise an chórais seo, ach tá FSS ag súil go mbeidh athrú éigin ar líon na gcásanna, dar leis.