Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Dúirt Liz Truss inniu gur cainteanna cuiditheacha fiúntacha a bhí sna cruinnithe a bhí aici le Maroš Šefcovic, príomh-idirghabhálaí an Aontais Eorpaigh maidir leis an bPrótacal.
14 EANÁIR 2022, 13:31
"Is féidir margadh a dhéanamh fós leis an AE" - Liz Truss

Tá sé ráite ag Aire Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Liz Truss, go bhfuil dóchas aici go fóill go mbeidh an Bhreatain in ann margadh a bhaint amach leis an Aontas Eorpach maidir le ceist chonspóideach Phrótacal Thuaisceart Éireann.

Bhuail sí aréir agus arís ar maidin le Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Maroš Šefčovič, agus tá siad le bualadh lena chéile arís ag deireadh na míosa seo.

Ní raibh sí sásta a chur as an áireamh, áfach, go mb'fhéidir go ndéanfaidh an Bhreatain Airteagal 16 den Phrótacal a ghairm mura nglacfaidh an tAontas le leasuithe ar an bPrótacal atá molta ag an mBreatain.

De réir Airteagal 16, tá cead ag an mBreatain - nó ag an Aontas Eorpach - gníomhú as a stuaim féin sa gcás go bhfuil siad den bharúil go bhfuil an Prótacal ag cothú fadhbanna móra dóibh.

Dúirt Liz Truss inniu gur cainteanna cuiditheacha fiúntacha a bhí sna cruinnithe a bhí aici le Maroš Šefčovič, príomh-idirghabhálaí an Aontais Eorpaigh maidir leis an bPrótacal.

"Teastaíonn uaim dul chun cinn a dhéanamh agus táim ag iarraidh socrú a bhaint amach a rachaidh chun leasa mhuintir an Tuaiscirt", a dúirt sí, "ach mura n-éiríonn linn go leor dul chun cinn a dhéanamh, beidh orainn machnamh a dhéanamh ar na roghanna eile atá ar fáil dúinn."