Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Ghlac na mílte múinteoir páirt i stailc sa bhFrainc inniu lena míshásacht a léiriú faoin láimhseáil atá déanta ag rialtas na tíre sin ar an bpaindéim.
14 EANÁIR 2022, 16:16
Covid 19, timpeall na cruinne

Ghlac na mílte múinteoir páirt i stailc sa bhFrainc inniu lena míshásacht a léiriú faoin láimhseáil atá déanta ag rialtas na tíre sin ar an bpaindéim. Tá siad ag éileamh tuilleadh cosanta do dhaltaí agus dóibh féin i gcoinne Covid 19.

Stailc aon lae atá inti.

Deir múinteoirí, príomhoidí agus tuismitheoirí go bhfuil siad ag streachailt leis na rialacha agus na srianta, a bhíonn ag athrú de shíor, a deir siad.

Fógraíodh rialacha nua maidir le tástáil sular fhill na leanaí ar scoil i ndiaidh shaoire na Nollag, ach tá athrú tagtha orthu faoi dhó cheana féin.

Tá ag géarú ar an bhfearg i measc na gceardchumann múinteoireachta agus tá siad ag éileamh anois go n-éireoidh Aire Oideachais na Fraince, Jean-Michel Blanquer, as a phost.

++++++++++++++++++++++++++++++

Tá cinneadh glactha in Hong Cong eitiltí ó 150 tír a chur ar ceal go ceann míosa i bhfianaise leathadh an choróinvíris iontu.

Go dtí seo i mbliana, tá 50 cás Omicron deimhnithe in Hong Cong, agus deir na húdaráis sláinte ansin go mbaineann na cásanna sin go léir le heitiltí isteach sa tír. Níl aon scaipeadh den athraitheach i measc an phobail, a deir siad.

++++++++++++++++++++++++++++++

Tá rialtas na nOileán Filipíneach i ndiaidh a fhógairt nach mbeidh cead feasta ag daoine nach bhfuil iomlán vacsaínithe iompar poiblí a úsáid i bpríomhchathair na tíre, i bhfianaise leathadh Omicron ansin. Tá ardú tobann tagtha ar líon na gcásanna in Manila le gairid.

Tiocfaidh an riail nua i bhfeidhm Dé Luain. Beidh ar dhaoine ar mian leo taisteal ar iompar poiblí a chruthú go bhfuil a gcuid vacsaíní faighte acu.

Níl ach leath den phobal sa tír sin vacsaínithe.