Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Fear a leonadh in ionsaí na nIosraelach ar Ghaza inniu
05 LÚNASA 2022, 16:29
"Cailín óg i measc na marbh de bharr ionsaithe Iosrael ar Ghaza"

Maraíodh seachtar ar a laghad, cailín Palaistíneach cúig bliana ina measc, nuair a scaoil fórsaí Iosrael diúracáin ó scairdeitleáin le suíomh i nGaza inniu, de réir údaráis na hiamhchríche.

Dar le daoine a chonaic ar tharla, scaoileadh diúracáin le bloc árasán i gCathair Ghaza.

Dúirt na hIosraelaigh gur maraíodh ball sinsearach den ghrúpa Jiohád Ioslamach na Palaistíne san ionsaí.

Chuir siad i leith an fhir a mharaigh siad go raibh sé freagrach as iliomad ionsaithe sceimhlitheoireachta ar shibhialtaigh Iosraelacha.

Dheimhnigh Jiohád Ioslamach ina dhiaidh sin gur maraíodh an fear, Tayseer al-Jabari, de bharr ruathar na nIosraelach.

Thug na hIosraelaigh le fios chomh maith gur mharaigh siad ceithre bhall déag eile de Jiohád Ioslamach san ionsaí.

Bhí leid tugtha ag Rialtas Iosrael go rabhthas ar shéala fogha a thabhairt faoi Ghaza.

Sular éirigh na scairdeitleáin den talamh, go deimhin, bhí fógartha ag an Aire Cosanta Benny Gantz ar Jiohád Ioslamach go raibh "a ré caite."

Tá srianta le cois curtha ag na hIosraelaigh ar mhuintir Ghaza ón Máirt seo caite.

Níl cead ó shin ag daoine breoite a bhfuil coinní ospidéal acu ná daoine a bhfuil pasanna oibre acu an iamhchríoch a fhágáil.

Tá cosc freisin ar bhreosla a thabhairt isteach ann agus tá imní ar údaráis Ghaza nach mbeifear in ann an t-aon ionad ginte cumhachta sa limistéar a choinneáil ag oibriú dá uireasa.