Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Caitheadh Gary Carey i gcarrchlós faoi thalamh
05 LÚNASA 2022, 17:44
Fear a lámhachadh sé seachtaine ó shin tar éis bháis

Tá fear a lámhachadh i mBaile Átha Cliath sé seachtaine ó shin tar éis bháis san ospidéal.

Lámhachadh Gary Carey, 41 bliain d'aois, i gcarrchlós faoi thalamh Óstán an Hilton ar an gCuarbhóthar Theas i gCill Mhaigheann ar an 24 Meitheamh.

Tuigtear go ndearnadh roinnt iarrachtaí é a mharú roimhe sin.

Tá fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun ag na Gardaí agus tá siad ag achainí ar dhaoine a mbeadh eolas acu ar an eachtra lámhaigh teacht chun cainte leo.

Níl aon duine gafa acu fós.