05 LÚNASA 2022, 17:55
Cailín 4 bliana maraithe i dtimpiste i gCo Shligigh
Tá cailín ceithre bliana d'aois tar éis bháis de bharr timpiste a tharla in ionad carbhán i gCo Shligigh tráthnóna.
Tuigtear gurb amhlaidh a leag feithicil í san ionad carbhán in Inis Crabhann.
Tugadh an cailín go hOspidéal na hOllscoile, Sligeach, mar ar éag sí.
Tá oifigeach idirchaidrimh do theaghlaigh ag tacú le muintir an chailín.