Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Láthair an ionsaithe aréir
21 SAMHAIN 2022, 20:01
An ceathrú duine gafa faoin ionsaí ar bheirt Ghardaí aréir

Tá an ceathrú duine gafa ag Gardaí lena cheistiu faoin ionsaí a rinneadh ar bheirt Ghardaí i mBaile Formaid aréir.

Tá an bheirt Ghardai scaoilte saor ón ospidéal anois tar éis an ionsaí orthu taobh amuigh de theach ósta ansiúd aréir.

Bhí an bheirt ghardaí, fear agus bean, taghta ar láthair eachtra oird phoiblí taobh amuigh de theach ósta timpeall 12.45 ar maidin.

Tar éis dul a phlé le roinnt daoine ar an tsráid, ionsaíodh an garda fir, bualadh dorn agus ciceanna air agus leagadh go talamh é i rith an ionsaí.

Ionsaíódh an ban-gharda nuair a shíl sí idirghabháil a dhéanamh. Rugadh ar a cuid gruaige uirthi agus tarraingíodh ar shiúl í.

Gabhadh triúr fear nuair a tháinig aonaid eile Gardaí ar an láthair, aonad faoi airm ina measc.

Fear sna caogadaí, fear sna tríóchaidí agus bean sna caogadaí a gabhadh ar an lathair. Tá na fir á gceistiú faoi ionsaí ag Stáisiún Gardaí Baile Fhormaid. Cúisíodh an bhean maidir leis an eachtra, scaoileadh saor í agus tá sí le tabhairt os comhair cúírte amach anseo.

Fear sna 40aí atá gafa tráthnóna agus tá sé á cheistiú faoi láthair.

Rinneadh an t-ionsaí a thaifead agus foilsíodh ar na meáin shóisialta é. Tá iarrtha ag na Gardaí ar an bpobal gan an taifead sin a roinnt níos mó.

Cháin Leas-Choimisineir Chathair Bhaile Átha Cliath Angela Willis an t-ionsaí á rá go ndearnadh ionsaí fíochmhar ar bheirt chomhghleacaithe a bhí ar dualgas chun pobail i gceantar Bhaile Fhormaid a chosaint, agus ghuigh gach rath ar an mbeirt chomhaltaí.

Tá cáineadh déanta freisin ag an gcomhairleoir áitiúil de chuid Shinn Féin Daithí Doolan, a dúírt gur udár mór imní é an leibhéal foréigin a bhí ann.

Cháin Ard-Rúnaí Chumann Sairsintí agus Cigirí den Gharda Síochána Antoinette Cunningham an t-ionsaí agus dúirt go bhfuil siad suaite dá bharr.

Dúírt sí freisin go gcaithfidh Gardaí ceamaraí coirp a fháil go luath agus nár cheart go gcaithfidh siad fanacht go dtí 2024 lena bhfáil.

Tá Gardaí ag iarrrraidh ar aon duine a chonaic an eachtra nó a bhfuil físeán acu dul i dteagmháil leis an bhfoireann iniúchta ar 01 6667200 nó trí líne rúnda an Gharda ar 1800 666111, nó le haon stáisiún Garda.