Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Tharla an eachtra ar Bhóthar Bhaile Formaid
22 SAMHAIN 2022, 13:00
Beirt fhear os comhair cúirte maidir le heachtra i mBaile Formaid

Tugadh beirt fhear os comhair cúirte inniu agus iad cúisithe maidir leis an eachtra a tharla i mBaile Formaid in iardheisceart Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin inné inar gortaíodh beirt Ghardaí.

Tá trí chúis an duine faoin Acht um Ord Poiblí curtha i leith Stephen Byrne, 35 bliain d'aois, as Ascaill Bhaile Formaid, agus Anthony Grogan, 54 bliain, as Páirc Ghort na Silíní.

Baineann péire de na cúiseanna le hionsaí a dhéanamh ar Gharda agus le mí-ord foréigneach.

Dúradh i gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath gur cúisíodh an bheirt i Stáisiún Ghardaí Bhaile Formaid aréir agus nach ndúirt ceachtar acu aon ní nuair a cuireadh na cúiseanna ina leith.

Tugadh le fios chomh maith gur gabhadh na fir ar an láthair agus gur taifeadadh an eachtra ar cheamaraí slándála.

Ceadaíodh bannaí faoi dhianchoinníollacha don bheirt fhear cé gur chuir na Gardaí ina aghaidh ar an mbonn go raibh go raibh na cúiseanna an-tromchúiseach.

Tá Stephen Byrne le tabhairt os comhair cúirte arís amárach agus Dé Máirt seo chugainn a thabharfar Anthony Grogan os comhair cúirte arís.

Líomhnaítear gur ionsaíodh beirt Ghardaí - fear agus bean - san eachtra a tharla taobh amuigh de theach tábhairne ar Bhóthar Bhaile Formaid go moch ar maidin Dé Luain.

Líomhnaítear gur leagadh ar lár an fear agus gur tarraingíodh i ngreim gruaige an bhean.

Fístaifeadadh an eachtra agus foilsíodh na híomhánna ar líne.