Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Sciorradh talún i gCo Liatroma in 2020
22 SAMHAIN 2022, 18:19
Cúiteamh €500,000 d'fheirmeoirí i gCo Liatroma faoi mhaidhm talún

Tá cúiteamh €500,000 le cur ar fáil ag an Rialtas d'fheirmeoirí i gCo Liatroma a ndeachaigh mórsciorradh talún i gcion orthu dhá bhliain go leith ó shin.

D'fhógair an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue inniu go n-íocfar suas le €20,000 an duine le thart ar scór feirmeoirí.

Shreabh 160,000 tonna móna síos cnoc an tSeasa i nDroim Caorthainn i mí an Mheithimh 2020 tar éis dó a bheith ag stealladh báistí sa cheantar ar feadh roinnt laethanta roimhe sin.

Fágadh talamh feirme agus foraoise faoi bhrat tiubh móna agus sloda de bharr na maidhme.

Glacadh leis ar deireadh nárbh fhéidir an t-ábhar a bhogadh agus go raibh an talamh curtha ó mhaith go buan.

Gheobhaidh gach duine de na feirmeoirí íocaíocht chruatain €5,000 agus beagán le cois €12,000 as gach heictéar a milleadh orthu.

Tá fáilte áirithe curtha ag na feirmeoirí roimh an scéim chúitimh ach tá imní orthu, a deir siad, faoi íocaíochtaí eile atá siad le fáil ón Aontas Eorpach an bhliain seo chugainn.