Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
Tuilleadh machnaimh le déanamh ag Céad-Aire na hAlban Nicola Sturgeon
23 SAMHAIN 2022, 10:54
"Níl cead reifreann eile ar neamhspleáchas na hAlban a reáchtáil"

Rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine nach bhfuil sé de chumhacht ag Parlaimint na hAlban an dara reifreann ar neamhspleáchas na tíre a reáchtáil.

Rialaíodh nach féidir ach le Rialtas na Breataine reifreann ar cheist an neamhspleáchais a reáchtáil.

Is é Uachtarán na Cúirte Uachtaraí an Tiarna Robert Reed a léigh an rialú sa chúirt i Londain ar maidin inniu.

Tá dáréag breithiúna sa chúirt agus dhearbhaigh an Tiarna Reed gur rialú d'aon ghuth a bhí ann.

Dúradh sa rialú dá mbeadh reifreann le reáchtáil go gcaithfeadh Rialtas na Breataine an chumhacht chuí a thabhairt ar láimh go sealadach don pharlaimint in Taigh an Ròid i nDún Éideann.

I mí an Mheithimh seo caite, d'fhógair Céad-Aire na hAlban Nicola Sturgeon go raibh rún ag Rialtas na hAlban reifreann ar neamhspleáchas na tíre - le fonn dealú leis an mBreatain - a reáchtáil ar an 19 Deireadh Fómhair 2023, naoi mbliana ó bhí an reifreann deireanach ann.

Sa reifreann deireanach in 2014, vótáil 55.3% den phobal in aghaidh an neamhspleáchais agus 44.7% ar a shon.

Ó shin, áfach, d'imigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach ach vótáil formhór mhuintir na hAlban i bhfabhar fanacht ann.

Is ar an mbonn sin, dar le náisiúnaithe, is cóir ceist an neamhspleáchais a chur ar Albanaigh arís.

I ráiteas cáiréiseach a d'fhoilsigh sí ar Twitter, dúirt Nicola Sturgeon go raibh díomá uirthi faoin rialú inniu.

Thug sí le tuiscint, áfach, cé gur ghlac sí leis an rialú nach raibh ann ar deireadh ach ciallú na Cúirte Uachtaraí ar an dlí agus nárbh ionann sin agus an dlí féin.