Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
An tAire Airgeadais, Paschal Donohoe
24 SAMHAIN 2022, 18:45
Paschal Donohoe athcheaptha mar uachtarán ar an Eoraghrúpa

Caithfidh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe tréimhse eile mar uachtarán ar an Eoraghrúpa, gradam a bhfuil ardmheas air i measc bhunaíocht na hEorpa.

Tréimhse dhá bhliain go leith atá i gceist.

I ráiteas, dheimhnigh an Eoraghrúpa nár chuir aon duine eile a ainm chun cinn.

Grúpa neamhfhoirmiúil is ea an Eoraghrúpa a thagann le chéile le gnóthaí a bhaineann le hairgeadra an euro a phlé.

Airí Airgeadais ó thíortha limistéar an euro atá ina mbaill den ghrúpa.

Tá Paschal Donohoe ina uachtarán ar an ngrúpa ó 2020 agus tiocfaidh na baill le chéile ar an 5 Nollaig lena athcheapachán a dhaingniú.

Cuirfidh sé tús oifigiúil lena atréimhse ar an 13 Eanáir 2023.

Bhí neamhchinnteacht ag baint le hathcheapachán Paschal Donohoe, áfach, ó tá sé le héirí as mar Aire Airgeadais agus le ceapadh ina Aire Caiteachais Phoiblí i lár na míosa seo chugainn, mar chuid den chomhaontú idir Fine Gael agus Fianna Fáil.

Mar gheall go bhfuil Michael McGrath le ceapadh ina Aire Airgeadais ina ionad, bhí údar coimhlinte ann a mb'éigean a réiteach.

Ar deireadh, socraíodh go rachadh Paschal Donohoe Fhine Gael agus Michael McGrath Fhianna Fáil, go rachaidís araon chuig cruinnithe den Eoraghrúpa.

Ionadaí Rialtas na hÉireann a bheas in Michael McGrath sna cruinnithe agus cathaoirleach neamhspleách an ghrúpa a bheas in Paschal Donohoe.