Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 
An Taoiseach Micheál Martin agus Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron
24 SAMHAIN 2022, 18:20
"Coir chogaidh" is ea slad na Rúiseach ar bhonneagar na hÚcráine

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur coir chogaidh atá sna hionsaithe diúracán is deireanaí atá an Rúis a dhéanamh ar bhonneagar sibhialta na hÚcráine.

Maraíodh deichniúr ar a laghad agus fágadh 70% de phobal phríomhchathair na hÚcráine, Cív, gan aon chumhacht aibhléise de bharr na n-ionsaithe go dtí seo.

Ag labhairt i bPáras a bhí an Taoiseach, mar a raibh cruinniú aige le hUachtarán na Fraince Emmanuel Macron i bPálás an Élysée.

Dúirt Micheál Martin go bhfuil an slad atá na Rúisigh a dhéanamh san Úcráin uafásach, idir an scrios atáthar a dhéanamh ar bhonneagar riachtanach na tíre agus an sceimhle atáthar a chur ar an bpobal.

Dhearbhaigh an Taoiseach arís go bhfuil rún ag Rialtas na hÉireann cuidiú leis an Úcráin mianaigh atá curtha sa tír ag na Rúisigh a dhí-aidhníniú agus a ghlanadh as an áit.

Thug sé le fios go bhfuil €55 millún tugtha ag an Rialtas don Úcráin cheana féin agus go bhfuiltear le €25 milliún eile a chur ar fáil gan mhoill.

Maidir le hiarratas ar airm ó oifigeach sinsearach i Rialtas na hÚcráine, dúirt an Taoiseach go dtuigeann na hÚcránaigh go bhfuil Éire neodrach chomh fada agus a bhaineann sé lena leithéid.

Ar aon chuma, ar sé, agus leis an bhfírinne a dhéanamh, níl mórán arm againn.