Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An ceoltóir traidisiúnta mór le rá Charlie Lennon tar éis bháis

09 MEITHEAMH 2024, 15:49

Charlie Lennon
X Facebook

Tá duine de na ceoltóirí traidisiúnta is mó le rá agus is críochnaithe in Éirinn Charlie Lennon tar éis bháis. 85 bliain d'aois a bhí sé.

Ba duine é a chuir go mór le forás agus le bisiúlacht an cheoil thraidisiúnta sa tír seo ón am a bhí sé ina ógfhear.

Nuair nach raibh sé mar phríomhcheoltóir, bhí an-tóir air mar thionlacaí.

Uimhir na bhFiann, go deimhin, atá sa líon albam ardchaighdeáin – 30 ar an gcuid is lú – a bhfuil a thionlacan binn snasta le clos orthu.

Gan trácht ar a chuid seanma, is beag ceoltóir traidisiúnta in Éirinn, má tá, nach bhfuil roinnt de na foinn a chum Charlie Lennon ina stór seanma féin acu.

Ní gan ábhar a bhronn Comhaltas Ceoltóirí Éireann stádas mar Ard-Ollamh ar an Leannánach in 2005, ní áirím Gradam Cumadóireachta TG4 a bronnadh air an bhliain dar gcionn.

I gCoillte Clochair i gCo Liatroma a rugadh Charlie Lennon agus dlúthchuid dá shaol a bhí sa cheol ó chrom sé ar bpianó agus ar an bhfidil a fhoghlaim nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois.

Bhí meabhair chinn ag an mbuachaill agus faoi stiúir a mhúinteora Theresa Gilmartin bhí an barrghrád ar an bpianó bainte amach aige faoin am a bhí sé ceithre bliana déag.

Bá é a dheartháir Ben a mhúin an fhidil dó agus thug sé neart ceoil leis de réir cluaise freisin, go háirithe ó cheirníní 78.

Ina cheann sin, d’fhoghlaim sé an veidhlín chlasaiceach agus armóiní snagcheoil, agus bhí sé bainteach le bannaí céilí agus rince agus é fós ina dhéagóir – Banna Richard Fitzgerald agus Banna Easa Rua ina measc.

I 1960, thug Charlie aghaidh ar Ollscoil Learphoill, áit ar thug sé faoi chéim san fhisic agus áit a raibh ceoltóir óg eile den sloinne céanna ag dul i gceann a aistir féin!

Níor chaith sé i leataobh an gléas ceoil ar son an léinn – buíochas mór le Dia – agus chuaigh sé i bpáirt le Banna Céilí Learphoill nuair a bhí sé thall.

Bhain an banna sin cáil amach i Sasana agus in Éirinn agus thug siad camchuairt ar Mheiriceá freisin.

I 1966, phós sé an t-amhránaí sean-nóis Síle Ní Fhlaithearta as an Spidéal i gConamara agus d’fhill an lánúin ar Éirinn trí bliana ina dhiaidh sin.

I measc na bhfonn is aitheanta a chum Charlie Lennon i gcaitheamh na mblianta, tá an port The Flying Wheelchair, an cornphíopa Planxty Joe Burke agus an ríl Kilty Town.

Chum sé saothair mhóra do cheolfhoirne chomh maith, mar atá, The Emigrant Suite (1984), Island Wedding (1991),The Famine Suite: flight from the hungry land (1996) agus Áille na hÁille in onóir óglaigh 1916 (2011).

I 1993, foilsíodh an leabhar Musical Memories ina bhfuil nodaireacht 30 fonn a chum sé.

In 2007, eisíodh DVD ina dtugann sé cuntas ar shainteicníocht fidléireachta na hÉireann agus chuir sé Musical Memories 2 amach in 2013.

Mar lena chumadóireacht, deir an ceoleolaí in Ollscoil Luimnigh, Niall Keegan, gur chloígh Charlie Lennon riamh le foirm thraidisiúnta agus le stíl a raibh tóir ag an bpobal air.

"Pearsa thar a bheith tábhachtach i gceol traidisiúnta na tíre seo ab ea Charlie Lennon"

Pearsa thar a bheith tábhachtach i gceol traidisiúnta na tíre seo ab ea Charlie Lennon, dar leis an bhfidléir aitheanta Oisín Mac Diarmada:

"Bhí rithim speisialta aige agus tionchar na seanfhidléirí as Sligeach Michael Coleman, James Morrison agus Paddy Killoran le brath i gcónaí ar a chuid ceoil. Ceoltóir inspioráideach agus meabhrach a bhí ann, a d’oibrigh mar thionlacaí pianó le ceoltóirí cosúil le Frankie Gavin, Joe Burke agus Johnny Óg Connolly, agus tá go leor cuimhní ceoil fágtha ina dhiaidh aige".

Rinne an cairdíneoir Johnny Óg Connolly an t-albam Dusk till Dawn in éindí le Charlie Lennon in 2005. Dar leisean go raibh go raibh scil ar leith ag Charlie mar éisteoir agus gurb in ba bhun lena shárchumas mar thionlacaí chomh maith:

"Bhí Charlie ina mháistir ar rithim agus stíl Chonnacht agus tá oidhreacht mhór fágtha ina dhiaidh aige. An fhad is a bheas ceol traidisiúnta á chasadh beidh ceol Charlie le cloisteáil ... agus nach orainn a bhí an t-ádh go raibh aithne againn ar dhuine chomh cumasach le Charlie".

Charlie Lennon agus a chairde

Fear fear lách cineálta ab ea Charlie Lennon, a deir Neansaí Ní Choisdealbha ó RTÉ Raidió na Gaeltachta:

"Bhí aithne air mar thionlacóir den chuid is mó, agus is air a bhí an tóir sna blianta tosaigh agus rinne sé taifeadtaí le ceoltóirí móra den scoth. Bhí stíl ar leith aige ar an bpianó agus nuair a chloisfeá Charlie Lennon ag casadh bheadh a fhios agat gurb é a bhí ann".

Maireann a bhean Síle, triúr clainne agus clann a chlainne.

Tuairisceoirí: Irene Ní Nualláin agus Ciarán Lenoach, Nuacht RTÉ