Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Rás go huachtar, rás go deireadh idir FG agus FF

09 MEITHEAMH 2024, 18:13

Rás go deireadh idir FG agus FF
X Facebook

TOGHCHÁIN ÁITIÚLA 2024 285 de na 949 suíochán líonta: FG (86), FF (79), LO (18), SF (14), DS (6), CG (3), Aon (3), NS (67), Eile (9).

Agus na vótaí á gcomhaireamh go mall cúramach sna toghcháin áitiúla, is cosúil gur rás go deireadh a bheas sa rás go huachtar idir Fine Gael agus Fianna Fáil nach bhfuil mórán eatarthu faoi láthair.

Is iad na Fine Gaelaigh na huachtaráin de réir na bhfigiúirí is deireanaí ach níl leath na vótaí comhairthe fós.

Go deimhin, mhaígh ag ceannaire Fhianna Fáil, an Tánaiste Micheál Martin, go raibh an páirtí sin ag cruthú i bhfad níb fhearr ná mar a tuaradh.

An Seanadóir Regina Doherty ó Fhine Gael, atá ina hiarrthóir i dtoghlach Bhaile Átha Cliath sa toghchán Eorpach, mhaígh sí féin gur léirigh a fheabhas a bhí an páirtí sin ag cruthú go raibh Simon Harris tar éis dul i gcion go mór ar an bpobal ó toghadh ina cheannaire é.

Mar le Sinn Féin, áfach, malairt scéil atá ann agus dúirt urlabhraí airgeadais an pháirtí sin Pearse Doherty nárbh fholáir dóibh an díomua a chur díobh agus na ceachtanna cuí a fhoghlaim.

Lucht comhairimh i dtosach a ndreasa

Bhí an-rath ar iarrthóirí neamhspleácha ar fud na tíre go nuige seo agus na scórtha suíochán buaite acu.

Dealraítear go gcaillfidh an Comhaontas Glas roinnt de na suíocháin a bhuaigh siad sna toghcháin dheireanacha in 2019 – an suíochán Eorpach i mBaile Átha Cliath ina measc – ach tríd is tríd níl an scéal chomh holc agus a bhíothas a thuar.

Agus maidir leis an toghchán Eorpach, tá ceithre fheisire dhéag as trí thoghlach le toghadh chun na parlaiminte in Strasbourg.

Caitheadh na vótaí sa toghchán sin in Éirinn arú inné ach níl daoine i roinnt de bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh ag vótáil go dtí inniu – an Fhrainc agus an Ghearmáin ina measc.

Amárach a thosófar ag comhaireamh na vótaí i dtoghchán méarachta Luimnigh. De réir an teailí is deireanaí, is é an t-iarrthóir neamhspleách John Moran atá chun tosaigh faoi láthair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ