Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear básaithe de bharr a sháite i mBaile Scriobail, Fionnghlas

09 MEITHEAMH 2024, 15:47

Ionsaíodh agus maraíodh fear sna tríochaidí i bhFionnghlas
X Facebook

Ionsaíodh agus maraíodh fear sna tríochaidí i bhFionnghlas i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin inniu.

Tuigtear gur sádh an fear i dteach i gceantar Bhaile Scriobail ag thart ar 1 a chlog ar maidin.

Nuair a tháinig na seirbhísí éigeandála ar an láthair, bhí drochbhail ar an bhfear.

Tugadh é chuig Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir ach d'éag sé ann go gairid ina dhiaidh sin.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh fós ar chorp an fhir.

Tá dhá láithreán á scrúdú ag Gardaí a bhfuil an marú á fhiosrú acu agus tá oifigeach caidrimh ceaptha acu le tacú le teaghlach an fhir agus le comhairle a chur orthu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ