Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Bean sna seascaidí maraithe i dtionóisc bhóthair i gCo na Mí

10 MEITHEAMH 2024, 12:40

Tugadh corp na mná go dtí Ospidéal Mhuire san Uaimh
X Facebook

Maraíodh bean sna seascaidí i dtionóisc bhóthair a bhí i gCo na Mí go moch ar maidin inniu.

Deir na Gardaí gur bhásaigh an bhean nuair a d'imigh an gluaisteán a bhí sí a thiomáint ó smacht ar an tSráid Mhór i Ráth Tó ag thart ar 1 a chlog ar maidin.

Ní raibh aon duine eile sa charr.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp na mná in Ospidéal Mhuire san Uaimh níos deireanaí inniu.

Is iad na Gardaí i gCill Dhéagláin atá ag fiosrú na tubaiste agus tá siad ag achainí ar aon duine a bhí sa cheantar ag an am teacht chun cainte leo, go háirithe tiománaithe a bhféadfadh íomhánna ó cheamara deaise a bheith acu.

86 duine atá maraithe de bharr timpistí bóthair sa Stát go dtí seo i mbliana, le hais 75 san achar céanna anuraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ