Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Bean fhial mhánla' ab ea Nicole Morey a adhlacadh inniu

10 MEITHEAMH 2024, 15:59

Bláthfhleasc i gcuimhne Nicole Morey a adhlacadh i Luimneach inniu
X Facebook

Adhlacadh inniu Nicole Morey, an bhean 23 bliain d'aois a bhásaigh nuair a d'ionsaigh madra í ina teach cónaithe i mBaile an Fhaoitigh i gCo Luimnigh Dé Máirt seo caite, a breithlá.

Ba as na Crosa Geala ar chiumhais thiar theas chathair Luimnigh an bhean óg ó dhúchas agus ba i Séipéal an Teaghlaigh Naofa sa cheantar sin a bhí an tAifreann éagnairce ar maidin inniu.

Tháinig na céadta ann le comhbhrón a dhéanamh le muintir Nicole, Lisa agus Pat, agus lena deichniúr siblíní.

Sochraid Nicole Morey i Luimneach

Ina aitheasc, dúirt príomhcheiliúraí an Aifrinn, an tAthair Pat Hogan, gur bean fhial mhánla ab ea Nicole.

Dúirt sé gur tragóid mhillteanach a bhí ina bás agus dúirt chomh maith go raibh alltacht agus uafás ar dhaoine dá bharr.

Gearradh a saol ar dhóigh róbhrúidiúil, arsa sé.

Nicole Morey

Ina aitheasc féin, dúirt athair Nicole go mothódh daoine go mór uathu í.

Cailín speisialta a bhí inti, a dúirt sé, a dhéanfadh aon rud ar son daoine eile le fonn dá bhféadfadh sí.

Dúirt deirifúr Nicole, Jolene, go raibh craobh ghinealaigh an teaghlaigh briste ag a bás.

I ndiaidh an Aifrinn, cuireadh Nicole Morey i Reilig Chnocán Naomh Oilibhéar sna Crosa Geala.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ