Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Toghcháin Áitiúla 2024: beagnach 50% de na suíocháin ag FG, FF

10 MEITHEAMH 2024, 18:23

Neart comhairimh le déanamh fós
X Facebook

TOGHCHÁIN ÁITIÚLA 2024 900 suíochán líonta: FG (232), FF (231), SF (96), LO (55), DS (35), CG (23), PRB-D (13), Aon (8), NS (174), Eile (33).

Tá 95% de na 949 suíochán sna toghcháin áitiúla líonta agus tá an bhearna idir Fine Gael agus Fianna Fáil cúngaithe tuilleadh. Faoi láthair, is 232 suíochán atá ag Fine Gael agus 231 atá ag Fianna Fáil.

In ainneoin gur go rábach chun tosaigh ar gach páirtí eile atá an dá mhórpháirtí Rialtais sin, dhearbhaigh ceannaire Fhianna Fáil, an Tánaiste Micheál Martin, arís tráthnóna inniu nach raibh aon rún acu olltoghchán a ghairm go luath.

Thug sé le fios mar sin féin gur le fonn a thabharfadh sé faoi na fothoghcháin a chaithfí a ghairm dá mbuafadh Teachtaí Dála suíocháin i bParlaimint na hEorpa.

Beidh na boscaí athchúrsála lán de mhionstiallacha páipéir ag deireadh na seachtaine!

Ó thaobh Fhine Gael de, mhaígh Príomh-Aoire an Rialtais, an tAire Stáit Hildegarde Naughton, gur léir go raibh an-dúil ag an bpobal sa tsocracht [pholaitiúil] agus dúirt nach raibh an páirtí ag cuimhneamh ar olltoghchán i láthair na huaire.

Tá 96 suíochán ag Sinn Féin ach d'admhaigh urlabhraí sláinte an pháirtí David Cullinane go raibh díomá orthu faoin toradh agus dúirt go raibh ciall cheannaithe faighte acu.

174 suíochán atá ag iarrthóirí neamhspléacha, 24 ball den ghrúpa Éire Neamhspleách ina measc.

55 suíochán atá ag Páirtí an Lucht Oibre; 35 atá ag na Daonlathaithe Sóisialta; 23 atá ag an gComhaontas Glas; tá trí cinn déag ag Pobal Roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht; ocht gcinn atá ag Aontú; agus tá 33 ag dreamanna eile.

Mar leis an toghchán Eorpach, is é Barry Andrews ó Fhianna Fáil a fuair an líon is mó vótaí céadrogha i dtoghlach Bhaile Átha Cliath ach bhí Regina Doherty ó Fhine Gael an-ghar dó.

62,147 vóta céadrogha a fuair Barry Andrews agus 61,344 a fuair Regina Doherty. 75,345 atá sa chuóta, áfach.

Lynn Boylan ó Shinn Féin (35,441); Ciarán Cuffe ón gComhaontas Glas (32,204); Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre (30,733); Claire Daly, Neamhspleách (26,855); agus Bríd Smith ó Phobal Roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht (21,577), sin iad atá san iomaíocht don dá shuíochán eile.

Mar is gnách de réir na hionadaíochta cionmhaire, is iad na vótaí aistrithe a bheas cinniúnach agus beifear ar tinneall go ceann scaithimh eile fós.

In Éirinn Theas, is cosúil go mbuafaidh Seán Kelly ó Fhine Gael agus Billy Kelleher ó Fhianna Fáil suíochán an duine.

Michael McNamara, Neamhspleách, agus Kathleen Funchion ó Shinn Féin a bhainfeas an rás don dá shuíochán eile, de réir cosúlachta.

I dtoghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt, dealraítear gurb é Luke 'Ming' Flanagan a fuair an líon is mó vótaí céadrogha, agus deirtear go bhfuil ag éirí go maith freisin le Maria Walsh ó Fhine Gael agus le Barry Cowen ó Fhianna Fáil.

Ciarán Mullooly, Éire Neamhspleách; Peadar Tóibín ó Aontú; agus Nina Carberry ó Fhine Gael, sin iad an triúr atá san iomaíocht, is cosúil, don dá shuíochán eile.

John Moran san ionad comhairimh i Luimneach

I dtoghchán méarachta Luimnigh, is é an t-iarrthóir neamhspleách John Moran a fuair an líon is mó vótaí céadrogha.

18,308 vóta a fuair sé ach ós 39,873 atá sa chuóta is fada an ród atá roimhe agus roimh an iarrthóir neamhspleách eile Helen O'Donnell atá sa dara háit agus a fuair 12,903 vóta.

I ndiaidh na beirte sin, fuair Dee Ryan ó Fhianna Fáil 11,785 vóta céadrogha agus tá seans fós ag Daniel Butler ó Fhine Gael a fuair 10,190 vóta.

Nuacht agus Cursaí Reatha RTÉ