Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Feisire Eorpach amháin - Seán Kelly, FG - tofa go dtí seo

11 MEITHEAMH 2024, 07:47

Is é Seán Kelly, FG, an t-aon fheisire Eorpach atá tofa go dtí seo
X Facebook

Tá an comháireamh ar siúl sna toghcháin Eorpacha sa trí thoghlach arís inniu. Tá ceithre shuíochán déag in iomlán le líonadh, i dtrí thoghlach.

Tá cúig suíochán le líonadh i dToghlach an Deiscirt agus Láir Tíre-Iarthuaiscirt araon; tá ceithre cinn le líonadh i dToghlach Bhaile Átha Cliath. Níl ach Feisire Eorpach amháin tofa go dtí seo: Seán Kelly (Fine Gael), atá tofa i dToghlach Dheisceart na hÉireann.

Dealraíonn sé go dtoghfar Billy Kelleher ina dhiaidh, ach tá an chuma ar an scéal go mbeidh roinnt comháireamh eile ann sula mbainfidh seisean an cuóta amach.

I dToghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt, tá trí chomháireamh curtha i gcrích, ach níl aon duine tofa go fóill.

Is é an t-iarrthóir neamhspleách - Luke Ming Flanagan, a bhí ina Fheisire Eorpach cheana roimh an toghchán seo – is mó a fuair vóta ansin.

Ina dhiaidh, tá Barry Cowen, Fianna Fáil, agus Nina Carberry, Fine Gael.

Is é an t-iarrthóir neamhspleách, Luke Ming Flanagan, is mó a fuair vóta i dToghlach an Láir Tíre-
an Iarthuaisceart

Tá gach seans go mbuafaidh Fine Gael dhá shuíochán ansin; is iomaitheoir láidir í freisin Maria Walsh agus tá sise beagán ar gcúl ar Nina Carberry faoi láthair.

Tá dhá chomháireamh déag curtha i gcrích i mBaile Átha Cliath ach níl duine ar bith tofa go fóill.

Is é Barry Andrews, Fianna Fáil, atá chun tosaigh agus Regina Doherty, Fine Gael agus Lynn Boylan, Sinn Féin, go meastar go bhfuil an tarna agus an tríú suíochán i ndán dóibh.

Beidh iomaíocht ghéar idir Aodhán Ó Ríordáin, Páirtí an Lucht Oibre, Niall Boylan, Neamhspleách, agus Ciarán Cuffe don cheathrú suíochán. Ach ní féidir Bríd Smith ná Clare Daly a chur as an áireamh ach an oiread. Aistreofar vótaí Bhríd Smith go Clare Daly nuair a chuirfear as an gcomháireamh í - nó a mhalairt; aistreofar vótaí Daly go Smith. Mar sin, tá seans láidir go fóill ag duine amháin acu.

I dToghlach Dheisceart na hÉireann, 114,761 vóta a bhí mar chuóta agus bhain Seán Kelly 8,000 vóta thairis sin. Tá Billy Kelleher, Fianna Fáil, go mór ar gcúl, agus 91,074 vóta bainte aige sa chomháireamh deireanach.

Tá Michael McNamara, atá in Theachta Dála Neamhspleách i gContae an Chláir i láthair na huaire, sa tríú háit le 56,339 vóta céadrogha, tá Cynthia Ní Mhurchú, Fianna Fáil, sa cheathrú háit le 55,209 vóta céadrogha agus tá Mick Wallace, I4C, ar 52,803 vóta.

Roimh na toghcháin seo, cheap Fianna Fáil agus Fine Gael ar aon go mbeadh seans acu trí shuíochán a bhuachaint. Ach tá an chuma ar an scéal go mb'fhéidir go bhfuil an ceathrú suíochán, fiú, i ndán dóibh. Tá seans láidir ag Nína Carberry i lár tír an t-iarthuaisceart......

Maidir le Sinn Féin bhí roinnt laethanta deacra ag an bpáirtí sin, ach tá an chuma ar an scéal go mbuafaidh Lynn Boylan suíochán i mBaile Átha Cliath agus tá seans freisin ag Kathleen Funsion ó dheas.

Maidir le Páirtí an Lucht Oibre, tá an Teachta Dála Aodhán Ó Ríordáin fós san iomaíocht i mBaile Átha Cliath. Mar atá Ciarán Cuffe, Comhaontas Glas.

Maidir le hiarrthóirí neamhspleácha, tá seans fós ag Ciarán Mulloly i Lár Tíre agus tá gach cosúlacht ar an scéal go dtoghfar Michael McNamara, an t-iarrthóir neamhspleách, ó dheas.

Deir an Taoiseach Simon Harris nach bhfuil sé ag iarraidh olltoghchán a a ghairm roimh 2025, ach tá an chuma ar an scéal go mbeidh suas le sé shuíochán Dála le líonadh.

Níl sé i gceist ag an Taoiseach, Simon Harris, olltoghchán a ghairim go dtí 2025

Ó thaobh na bpáirtithe comhrialtais de, dealraíonn sé go dtoghfar Barry Cowan, Fianna Fáil, i dToghlach Láir Tíre-an Iarthuaiscirt.

Tá sé tuartha freisin go roghnófar an tAire Airgeadais, Michael McGrath, ina Choimisinéir Eorpach i rith an tsamhraidh. Mar sin, bheadh fothoghchán de dhíth i gCorcaigh freisin.