Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Hamas sásta leis an bplean ar vótáil na NA ina fhábhar aréir

11 MEITHEAMH 2024, 11:15

Vótáil 14 as 15 ball de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar son an rúin aréir
X Facebook

Vótáil Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar son rúin de chuid na Stát Aontaithe aréir maidir le sos cogaidh in Gaza. Faoin bplean atá molta, bhainfí amach "sos cogaidh iomlán", scaoilfí saor na gialla atá fós faoi choimeád ag Hamas, thabharfaí taisí daonna na ngiall a maraíodh do na húdaráis in Iosrael agus scaoilfí saor príosúnaigh áirithe de chuid na Pailistíne.

Tá 15 ball ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus vótáil 14 ball ar son an rúin, atá dréachtaithe ag na Stáit Aontaithe. Staon an Rúis sa vóta.

Tugtar le fios sa dréacht go bhfuil Iosrael tar éis glacadh lena bhfuil ann.

Tuairiscíodh ar Reuters ar ball beag go bhfuil Hamas ina fhábhar freisin. "Táimid réidh le dul i mbun idirbheartaíochta maidir leis na sonraí", a dúirt oifigeach sinsearach de chuid Hamas, Sami Abu Zuhri le Reuters, "is faoi na Stáit Aontaithe atá sé maoirseacht a dhéanamh ar Iosrael lena chinntiú go gcloíann siad leis."

Is é an plean céanna é ar thagair Uachtarán Mheirceá, Joe Biden, dó ar 31 Bealtaine. Dúirt sé ag an am gur plean de chuid Iosrael a bhí ann, ach bhí neamhchinnteacht ina dhiaidh sin faoin moladh, mar dúirt Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go raibh fórsaí Iosrael fós meáite ar Hamas a chloí go hiomlán sula mbeadh aon sos cogaidh ann.

Tá Stát-Rúnaí Mheirceá, Anthony Blinken, sa Mheánoirthear faoi láthair

Thug Stát-Rúnaí Mheirceá, Anthony Blinken, le fios inniu gur údar dóchais atá ann go bhfuil Hamas sásta tacú leis an bplean atá molta. Ach, a dúirt sé, caithfidh ceannasaíocht Hamas, taobh istigh de Gaza féin, a dtacaíocht don phlean a léiriú go fóill.

Dúirt an tUasal Blinken go ndúirt Príomhaire Netanyahu leis le linn a gcruinnithe in Iosrael go raibh Iosrael fós tiománta don phlean.

Tá lucht idirbheartaíochta ó na Stáit Aontaithe, ón Éigipt agus ó Chatar tar éis na míonna a chaitheamh i mbun cainteanna féachaint le sos cogaidh a bhaint amach.

Deir Hamas go bhfuil siad ag iarraidh go gcuirfear stad leis an gcogadh in Gaza go buan agus go dtarraingeoidh Iosrael as an stráice - ina bhfuil 2.3 milliún duine – go hiomlán.