Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Iarrthóir SF, Maurice Quinlivan, curtha as an rás méarachta

11 MEITHEAMH 2024, 12:10

Cuireadh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Maurice Quinlivan, amach as an gcomháireamh ar ball sa toghchán méarachta i Luimneach.
X Facebook

Cuireadh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Maurice Quinlivan, amach as an gcomháireamh ar ball sa toghchán méarachta i Luimneach. Seo í an chéad uair a thoghfar méara go díreach sa tír seo.

Cuireadh Maurice Quinlivan as an rás méarachta tar éis an ochtú comháireamh; léiriú eile is ea é nach mbeidh Sinn Féin sásta i ndiaidh na dtoghchán seo. Tá an chuma ar an scéal go fóill, áfach, go bhfuil beirt iarrthóirí de chuid an pháirtí fós san iomaíocht le haghaidh suíochán i bParlaimint na hEorpa a bhaint amach: Lynn Boylan i mBaile Átha Cliath agus an Teachta Dála Kathleen Funchion i nDeisceart na hÉireann.

Tá an t-iarrthóir neamhspleách, John Moran, fós chun cinn ar gach iarrthóir eile sa chomháireamh méarachta.

Tá an t-iarrthóir neamhspleách, John Moran, chun tosaigh sa rás
méarachta i Luimneach, ach beidh na haistrithe an-tábhachtach sa toghchán sin

Cuireadh tús leis an gcomháireamh sin inné.

Tá 20,982 vóta ag John Moran, 15,389 ag Helen O'Donnell, gur iarrthóir neamhspleách eile í, agus tá 13,965 ag Dee Ryan, Fianna Fáil.

Tá 12,385 vóta ag Daniel Butler, Fine Gael. Nuair a chuirfear eisean as an iomaíocht, d’fhéadfadh a chuid aistrithe siúd difear suntasach a dhéanamh don toradh.

Tá 11,571 vóta de chuid an Uasail Quinlivan á n-aistriú faoi láthair.

Is é 39,873 an cuóta agus tá ceathrar fós san iomaíocht le bheith ina Mhéara ar Luimneach.