Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Céard a insíonn torthaí na dtoghchán áitiúil dúinn?

11 MEITHEAMH 2024, 14:18

An comháireamh nach mór thart sna toghcháin áitiúla: cén léargas atá againn ó na torthaí?
X Facebook

Níl ach dhá shuíochán déag gan líonadh sna toghcháin áitiúla.

Tá dhá cheann de na páirtithe comhrialtais, Fianna Fáil agus Fine Gael, gob ar ghob; tá 244 suíochán ag Fianna Fáil i gcomhairlí áitiúla agus 242 ag Fine Gael.

Níl cúis cheiliurtha ag Sinn Féin i ndiaidh na dtoghchán seo; níor bhain siad ach 100 suíochán go dtí seo.

Tá go leor ceisteanna tarraingthe i ndiaidh na dtoghchán seo maidir le ceannasaíocht Mary Lou McDonald ar an bpáirtí agus maidir leis na cinntí stráitéiseacha a rinne siad ag druidim leis na toghcháin.

Ach tá ardú 2.3% tagtha ar an sciar den vóta a fuair Sinn Féin sna toghcháin áitiúla seo i gcomparáid leis an sciar a fuair siad sna toghcháin áitiúla i 2019.

Tá ardú beag tagtha ar an tacaíocht go Shinn Féin i gcomparáid leis na toghcháin aitiúla
i 2019, seachas isliú. Mar sin, ní féidir iad a chur as an áireamh go fóill mar cheannairí
comhrialtais amach anseo


B'fhéidir go bhfuil dearmad déanta ag an bpobal gurbh é an t-olltoghchán i 2020 an tráth a tháinig ardú as cuimse ar an tacaíocht do Shinn Féin. I gcomparáid leis an sciar den vóta a fuair siad san olltoghchán sin, tá titim 12.7% tagtha ar an tacaíocht dóibh sna toghcháin áitiúla i 2024.

B’fhéidir gur tuar éadóchais é nach bhfuil torthaí maithe bainte acu sna toghcháin áitiúla seo. Ach is mór an difear idir toghcháin áitiúla agus olltoghcháin. Agus níor chóir an páirtí a chur as an áireamh mar cheannairí comhrialtais amach anseo go fóill.

Is minic a bádh bád taobh le cuan

Tá os cionn leath de na suíocháin ar chomhairlí áitiúla buaite sna toghcháin áitiúla seo ag Fine Gael agus Fianna Fáil le chéile. Ach is minic a bádh bád taobh le cuan. Tuigeann an rialtas go rímhaith nach féidir torthaí an olltoghcháin a thuar, bunaithe ar an méid atá i ndiaidh tarlú sna toghcháin áitiúla.

Ceann amháin de na ceisteanna spéisiúla i ndiaidh na dtoghchán seo is ea é go bhfuil cruth maith ag teacht ar eite chlé "eile" sa tír seo.

Tá 56 suíochán buaite ag Páirtí an Lucht Oibre agus tá 35 buaite ag na Daonlathaigh Shóisialta. Tá aird ar na Daonlathaigh Shóisialta sa bpríomhchathair ach go háirithe. Seachas Fine Gael, is iad anois an páirtí is mó go bhfuil suíocháin acu ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Dá dtiocfadh an dá pháirtí sin le chéile - Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaigh Shóisialta - is cinnte go bhféadfaidís dúshlán suntasach a thabhairt do Shinn Féin mar rogha "eile" mar cheannairí comhrialtais ar an eite chlé amach anseo.

Na Glasaigh?

Cé go raibh toghcháin áitiúla maithe ag Fianna Fáil agus Fine Gael, níor éirigh chomh maith céanna le Comhaontas Glas. Agus ní haon ionadh é sin, is maith le pobal na hÉireann píonós a ghearradh i gcónaí ar an bpáirtnéir is lú i gcomhrialtas. É sin ráite, ní raibh torthaí Chomhaontas Glas chomh holc agus a d'fhéadfaidís a bheith: tá 23 suíochán buaite acu go dtí seo.

Is fiú a lua nach bhfuil Glasach ar bith tofa ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas. Ba chomhairle láidir é sin i gcónaí do na Glasaigh, idir Chomhaontas Glas agus Rabartha Glas - páirtí glas níos radacaí ar cheisteanna athrú aeráide. D’éirigh go maith le Comhaontas Glas, áfach, ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Gan aon cheist, is iad na hiarrthóirí neamhspleácha is mó a dtarraing aird orthu féin sna toghcháin áitiúla seo. 183 suíochán atá buaite acu ar fud na tíre go dtí seo, go leor acu ar an eite chlé.

Togadh Gavin Pepper, neamhspleách, mar bhall de Chomhairle Cathrach BhÁC.
Bhí seisean ag seasamh ar ardán frith-inimirce



Ach d’éirigh le roinnt iarrthóirí ar an eite dheis freisin. Léirigh tráchtairí áirithe imní roimh na toghcháin seo go dtiocfadh ardú mór ar an tacaíocht don eite dheis - mar atá tarlaithe ar fud na hEorpa - go háirithe i bhfianaise na bpuball in aice leis an gCanáil Mhór i mBaile Átha Cliath agus na n-agóidí frith-iarrthóirí cosanta idirnáisiúnta i mbailte ar fud na tíre. Níor tharla sé, sa deireadh, gur toghadh léar mór iarrthóirí ón eite dheis, ach tá ardú suntasach tagtha ar an tacaíocht dóibh.

Sa bpríomhchathair, mar shampla, toghadh Glen Moore, Páirtí Saoirse na hÉireann, i mBaile Phámar, atá mar chuid de Chomhairle Contae Átha Cliath Theas. Agus toghadh Patrick Quinlan, atá mar bhall den Pháirtí Náisiúnta go Chomhairle Contae Fhine Gall.

Toghadh Malachy Steenson agus Gavin Pepper go Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Bhí an bheirt acu siúd ag seasamh mar iarrthóirí neamhspleácha, ach bhí siad ag seasamh ar ardán frith-inimirce ar aon.

Chuir Páirtí Saoirse na hÉireann 23 iarrthóir chun tosaigh agus sheas naoinúr ar son an Pháirtí Náisiúnta. Toghadh iarrthóir amháin de chuid an dá pháirtí sin (Glen Moore agus Patrick Quinlan, mar atá luaite thuas).

Chuir Páirtí Mhuintir na hÉireann 55 iarrthóir chun tosaigh agus bhí ochtar ag Éire chun Tosaigh. Níor toghadh aon iarrthóir de chuid ceachtar den dá pháirtí sin, áfach. Ach is léiriú é go bhfuil na hiarrthóirí acu agus go mbeidh siad ag déanamh réidh don olltoghchán. Botún a bheadh ann iad a chur as an áireamh, go háirithe i bhfianaise na dtorthaí togcháin atá feicthe againn le cúpla lá anuas ag teacht ón Eoraip.