Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Hunter Biden ciontaithe i dtrí chúis i gCúirt Fheidearálach

11 MEITHEAMH 2024, 16:16

Ciontaíodh mac le hUachtarán Mheirceá Joe Biden, Hunter Biden, i mbréaga a insint faoina bheith tugtha do dhrugaí agus é ag ceannach gunna sa bhliain 2018.
X Facebook

Ciontaíodh mac le hUachtarán Mheirceá Joe Biden, Hunter Biden, i mbréaga a insint faoina bheith tugtha do dhrugaí agus é ag ceannach gunna sa bhliain 2018.

Bhí trí chúis curtha ina leith agus chiontaigh giúire é i gCúirt Fheidearálach in Wilmington, Delaware. Seo í an chéad uair sna Stáit Aontaithe a ciontaíodh mac nó iníon de chuid Uachtaráin atá fós i gcumhacht.

Breithiúnas d'aon ghuth a bhí ann, sna trí chúis a bhí curtha i leith Hunter Biden.

B’é Aturnae Speisialta na Roinne Dlí agus Cirt a ghlac an cás i gcoinne Hunter Biden. David Weiss is ainm dó agus b’é Donald Trump a cheap é le linn dó a bheith ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe.

Tá Hunter Biden cúisithe freisin i gcoireanna a bhaineann le bille cánach de $1.4m a sheachaint idir 2016 agus 2019, tréimhse ina raibh sé ag caitheamh na milliún ar dhrugaí, ar charanna agus ar mhná, dar leis na hionchúiseoirí.

Tá sé tar éis pléadáil neamhchiontach sna cúiseanna sin agus beidh sé ar a thriail ar 5 Meán Fómhair i Los Angeles.

Thug iarbhean chéile Hunter Biden agus iardheifiúr chéile leis fianaise i rith na trialach atá díreach tagtha chun críche go raibh sé go hiomlán tugtha do dhrugaí sna seachtainí sular cheannaigh sé an gunna, agus le linn na seachtainí ina dhiaidh freisin.

Taispeánadh teachtaireachtaí teacs agus taifid bhainc le linn na trialach freisin a thaispeáin, a dúirt na hionchúiseoirí, go raibh Hunter Biden tugtha do dhrugaí. Tá sé mídhleathach gunna a cheannach más úsáideoir drugaí tú sna Stáit Aontaithe.

Caithfidh daoine ar mhaith leo gunna a chaitheamh foirm a líonadh isteach ar líne sula gceannaíonn siad airm agus i measc na gceisteanna a chuirtear orthu, tá ceist maidir le drugaí. Cuireadh i leith Hunter Biden gur fhreagair sé nach úsáideoir drugaí a bhí ann, rud nach raibh fíor ag an am.