Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Daly & Cuffe curtha as an iomaíocht sna toghcháin Eorpacha i mBÁC

11 MEITHEAMH 2024, 18:52

Tá a shuíochán i bParlaimint na hEorpa caillte ag Ciarán Cuffe, Comhaontas Glas
X Facebook

Tá Clare Daly, I4C, agus Ciarán Cuffe, Comhaontas Glas tar éis a suíochán i bParlaimint a hEorpa a chailliúint i dToghlach Bhaile Átha Cliath.

Cuireadh as an gcomórtas Clare Daly ar an seachtú comháireamh déag. Agus cuireadh Ciarán Cuffe, feisire reatha eile, as an gcomórtas ar an ochtú comháireamh déag ar ball beag.

Chuir RTÉ ceist ar Clare Daly cén chaoi ar bhraith sí a suíochán a chailliúint. D'fhreagair sí, "ní raibh spéis ar bith agaibh labhairt liomsa le cúig bliana anuas. Níl spéis ar bith agam labhairt libhse anois."

Thug sí barróg don iarrthóir Niall Boylan, Éire Neamhspleách, sular fhág sí Ionad Comháirimh Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.

Níos luaithe inniu, cuireadh Sinéad Gibney, na Daonlathaigh Shóisialta, as an iomaíocht i dToghlach Bhaile Átha Cliath freisin. Tá Barry Andrews, Fianna Fáil, sa chéad áit go fóill sa toghcheantar sin agus tá Regina Doherty, Fine Gael, sa dara háit.

Tá Barry Andrews, Fianna Fáil, fós sa chéad áit i mBÁC

Dealraíonn sé go mbuafaidh Lynn Boylan, Sinn Féin, an tríú suíochán agus tá iomaíocht ghéar ann don suíochán deireanach, idir Aodhán Ó Ríordáin, Páirtí an Lucht Oibre agus Niall Boylan ó Éire Neamhspleách.

TOGHLACH AN DEISCIRT

I dToghlach an Deiscirt, toghadh Seán Kelly, Fine Gael – atá ina Fheisire Eorpach cheana féin - ar an gcéad chomháireamh aréir ach níor toghadh aon duine eile ó shin.

Bhí bearna mhór idir Seán Kelly agus an chéad iomaitheoir eile, Billy Kelleher, Fianna Fáil. Ní thoghfar eisean go dtí i bhfad níos déanaí anocht, nó amárach, fiú.

Dealraíonn sé go dtoghfar Billy Kelleher sa dara háit.

Ach ina dhiaidh sin, tá iomaíocht ghéar ann don trí shuíochán a bheas fágtha. Tá cúigear san iomaíocht: an t-iarrthóir neamhspleách, Michael McNamara; Cynthia Ní Mhurchú, Fianna Fáil; Mick Wallace, I4C; Kathleen Funchion, Sinn Féin agus Grace O’Sullivan, Comhaontas Glas.

Tá súil go dtoghfar Billy Kelleher, Fianna Fáil, go luath ó dheas

LÁR TÍRE & AN tIARTHUAISCEART

Níl aon iarrthóir tofa go fóill i dToghlach an Láir Tíre-Iarthuaiscirt. Tá cúig chomháireamh déanta go dtí seo. B’e an Feisire Eorpach reatha Luke Ming Flanagan is mó a ghnóthaigh vótaí, tá Nina Carberry, Fine Gael, sa dara háit agus tá sí féin agus Barry Cowen, Fianna Fáil gob ar ghob.

Tá an Feisire Eorpach reatha Maria Walsh, Fine Gael, sa cheathrú háit.

Tá Ciarán Mullooly (Éire Neamhspleách), Michelle Gildernew (Sinn Féin), Lisa Chambers (Fianna Fáil) agus Peadar Toibín (Aontú) fós san iomaíocht sa toghcheantar sin.

B'é an Feisire Eorpach reatha, Luke Ming Flanagan, ba mhó a fuair vótaí i dToghlach an Láir Tíre-Iarthuaiscirt

Níl ach Feisire Eorpach amháin tofa go dtí seo ar fud na tíre.