Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Liobáin: Iosrael sásta leanúint le cainteanna ar shos cogaidh

27 MEÁN FÓMHAR 2024, 10:58

Netanyahu sásta leanúint de chainteanna maidir le sos cogaidh a thabhairt i bhfeidhm idir Hezbollah agus Iosrael
X Facebook

Tá sé ráite ag Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go leanfaidh a thoscaireacht ar aghaidh lena gcuid cainteanna leis na Stáit Aontaithe maidir leis na moltaí atá déanta ag Washington fé choinne sos cogaidh a thabhairt i bhfeidhm idir Hezbollah agus Iosrael. Thug sé le fios freisin go bhfuil sé buíoch as na hiarrachtaí atá déanta ag na Stáit Aontaithe ar son na síochána.

Rinne sé a chuid cainte i ndiaidh d'Iosrael diúltú do mholadh a rinne na Stáit Aontaithe maidir le sos cogaidh idir Hezbollah agus Iosrael a mhairfeadh go ceann 21 lá. Thug Netanyahu le tuiscint inné go leanfadh Iosrael ar aghaidh ag troid i gcoinne Hezbollah "go dtí go mbuafaidís orthu".

Deir Netanyahu inniu go bhfuil sé sásta leanúint de na cainteanna, chun go mbeidh muintir Thuaisceart Iosrael in ann filleadh ar a mbailte féin. Tá sé le labhairt os comhair na Náisiún Aontaithe ar ball.

Béiriút an tseachtain seo: deir na húdaráis sa Liobáin go bhfuil breis agus 700 duine maraithe sa
tír sin in ionsaithe de chuid Iosrael ón Luan

Ar maidin, leanadh de na hionsaithe ar an dá thaobh den teorainn. Deir na húdaráis sa Liobáin go bhfuil breis agus 700 duine maraithe sa tír ón Luan, le linn na tréimhse is measa foréigin ansin ó tháinig deireadh leis an gcogadh cathartha sa mbliain 1990.

Ó rinne Hamas a n-ionsaí ar Iosrael ar 7 Deireadh Fómhair 2023, bíonn roicéid á scaoileadh ar bhonn laethúil anonn agus anall thar an teorainn idir Tuaisceart Iosrael agus Deisceart na Liobáine.

Deir Hezbollah, a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin, go mbíonn siad ag déanamh ionsaithe ar Iosrael lena dtacaíocht a léiriú do mhuintir Gaza.

Deir Hezbollah, a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin, go mbíonn siad ag déanamh ionsaithe ar Iosrael lena dtacaíocht a léiriú do mhuintir Gaza. Deir Iosrael go bhfuil siadsan ag déanamh ionsaithe ar Hezbollah de bharr líon ard na ndaoine atá aslonnaithe as a mbailte féin i dTuaisceart Iosrael; tá siad ag iarraidh Hezbollah a chloí, a deir siad, le go mbeidh sé sabháilte do na daoine sin filleadh abhaile.