Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fíneáil €91m gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ar Meta

27 MEÁN FÓMHAR 2024, 14:28

Tá €91m gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn ar Meta as roinnt pasfhocal a stóráil i ngnáth-théacs gan chriptiú
X Facebook

Tá €91m gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn ar Meta, máthairchomhlacht Facebook, Instagram agus Whatsapp.

Gearradh an fhíneáil orthu i ndiaidh don Choimisiún fiosrúchán a dhéanamh ar an gcaoi a raibh roinnt pasfhocal stóráilte ag Meta i ngnáth-théacs gan chriptiú ar chórais inmheánacha an chomhlachta.

B'iad Meta iad féin a chuir an Coimisiún ar an eolas go raibh na pasfhocail stóráilte gan chosaint acu agus rinneadh an sárú de thaisme, a dúirt siad.

Rialaigh an Coimisiún go raibh ceithre shárú déanta ag Meta ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Bhain siad le teip an chomhlachta úsáideoirí a chur ar an eolas go raibh sárú déanta ar a sonraí pearsanta agus le teip an chomhlachta beartais teicniúla ná eagraíochtúla a úsáid chun sonraí na n-úsáideoirí a chosaint sa chéad dul síos.

Rialaigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí go raibh ceithre shárú déanta ag Meta ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR)

Chuir an Coimsiún um Chosaint Sonraí in Éirinn a ndréachtchinneadh faoi bhráid na gCoimisiún um Chosaint Sonraí i dtíortha eile san Aontas Eorpach i rith an tsamhraidh. Níor chuir aon cheann de na forais faire sin i gcoinne an chinnidh.

Cuireadh Meta ar an eolas faoi chinneadh an Choimisiún um Chosaint Sonraí inné.

"Glactar leis go forleathan nár chóir pasfhocail a stóráil riamh i ngnáth-théacs", a dúirt Graham Doyle, duine de na coimisinéirí inniu. "Tuigeann comhlachtaí go bhféadfaí aimhleas a bhaint as a leithéid d’eolas a bheith scríofa gan chriptiú."

Thug an Coimsiún um Chosaint Sonraí le fios go bhféadfaí eolas fíor-íogair a bheith sceite de bharr an tsáraithe seo, mar gurbh iad cuntais phearsanta Facebook, Instagram agus WhatsApp na n-úsáideoirí a bhí i gceist.

"D'fhéadfaí eolas fíor-íogair a bheith sceite i bhfianaise an tsáraithe seo, de bharr gurbh iad
cuntais phearsanta Instagram, Facebook agus WhatsApp na n-úsáideoirí a bhí i gceist."

Chuir Meta an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar an eolas faoin sárú i 2019. Thug siad le fios go raibh pasfhocail na gcéadta milliún úsáideoir stóráilte i ngnáth-théacs de thaisme ar feadh seala ar chórais inmheánacha an chomhlachta.

"Léirigh ár bhfiosrúchán inmheánach nár baineadh aimhleas as na pasfhocail seo a bheith stóráilte i ngnáth-théacs", a dúirt Meta i ráiteas ag an am.