Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Idir €23bn agus €24bn de bharrachas a bheas ag an Stát i mbliana

27 MEÁN FÓMHAR 2024, 16:06

Tá meastachán curtha ar fáil ag an Roinn Airgeadais go mbeidh idir €23bn agus €24bn de bharrachas ag an Stát i mbliana. Tá na figiúirí seo curtha san áireamh i bPáipéar Bán na Roinne Airgeadais, a fhoilseofar níos deireanaí
X Facebook

Tá meastachán curtha ar fáil ag an Roinn Airgeadais go mbeidh idir €23bn agus €24bn de bharrachas ag an Stát i mbliana.

Baineann €14bn den bharrachas sin leis an aisíocaíocht cánach a ordaíodh don chomhlacht Apple thabhairt ar láimh don Stát. Cuirfear an t-airgead sin san áireamh sna cuntais a bhaineann le 2024.

Tá an farasbarr níos mó ná mar a bhí súil leis mar gheall ar an íocaíocht ó Apple. Ach chomh maith leis sin, thuill an Stát níos mó airgid ó cháin chorparáideach ná mar a bhí siad ag súil leis.

Bhí an Roinn Airgeadais ag súil go n-íocfaí €24.5bn i gcáin chorparáideach leis an Stát i mbliana, ach meastar anois gur idir €29bn agus €30bn a bailíodh.

Baineann €14bn den bharrachas leis an aisíocaíocht cánach a ordaíodh don chomhlacht Apple thabhairt ar láimh don Stát.

Níos deireanaí anocht, foilseoidh an Roinn Airgeadais a bPáipéar Bán ina dtabharfar meastachán maidir le hioncam agus caiteachas an Stáit don bhliain 2025.

'Séard atá sa Pháipéar Bán sin ná an léargas deireanach a bheas ar fáil roimh lá na cáináisnéise maidir staid airgeadais reatha na tíre.