Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Na scórtha taidhleoir siúlta amach agus Netanyahu ag labhairt

27 MEÁN FÓMHAR 2024, 17:48

Is
X Facebook

Bhí Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, ag labhairt os comhair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar ball. Le linn a oráide, chuir sé i leith na Náisiún Aontaithe gur "eanach frith-Ghiúdach" atá ann. Chuir sé fainic ar an Iaráin gan ionsaí a dhéanamh ar a thír agus bhí sé doiléir ina chuid cainte maidir le toilteanas Iosrael leanúint le cainteanna maidir le sos cogaidh a thabhairt i bhfeidhm in Gaza ná sa Liobáin.

D'fhág leath de na taidhleoirí a bhí i láthair an seomra nuair a thosaigh Netanyahu ag labhairt, na scórtha acu.

Idir an dá linn, bhí go leor pléascanna le cloisteáil ar fud Beiriút inniu agus deir Iosrael go bhfuil siad i ndiaidh ionsaí a dhéanamh ar "lárionad Hezbollah" i sráidbhaile i ndeisceart na cathrach. Maraíodh duine amháin ar a laghad agus gortaíodh 50 duine san ionsaí sin, de réir sheirbhís teilifíse Hezbollah, al-Manar. Níor gortaíodh ceannaire Hezbollah, Hassan Nasrallah, sa phléasc, dar le foinsí sa réigiún.

Deir Iosrael go ndearna siad ionsaí ar "lárionad Hezbollah" i ndeisceart Bhéirút inniu. Deir foinsí in
Hezbollah, áfach, nár gortaíodh a gceannaire, Nasrallah, sa phléasc.

Tuairiscítear go raibh clampar sa chathair. Bhí lucht na n-otharcharr ag iarraidh teacht i gcabhair ar dhaoine a gortaíodh sna pléascanna agus bhí na bóithre plódaithe agus daoine ag teitheadh ón gcathair.

Deir na húdaráis sa Liobáin go bhfuil 800 duine maraithe in ionsaithe de chuid Iosrael ón Luan. Agus tá 42,000 duine maraithe in Gaza ag Iosrael ón 7 Deireadh Fómhair.

Chuir Príomhaire na Liobáine, Najib Mikati, i leith Iosrael inniu go bhfuil "cogadh cinedhíothach"
ar bun acu

Agus é ag caint i Nua-Eabhrac os comhair na Náisiún Aontaithe, chuir Príomhaire na Liobáine, Najib Mikati, i leith Iosrael inniu go bhfuil "cogadh cinedhíothach" ar bun acu agus ghríosaigh sé an pobal idirnáisiúnta chun stop a chur leo.