Tá an baol ann anois go mbeidh géarchéim dhaonnúil sa Liobáin dar le rialtas na tíre sin.
Dúirt Príomh Aire na Liobáin, Najib Makiti go bhfuil an dílárú daonna is mó riamh feicthe ag an tír le seachtain agus suas le milliún duine tar éis teitheadh amach as a dtithe cónaithe.
Tá dian ionsaithe ón aer á ndeanamh ag Iosrael ar an Liobáin i gcónaí.
Tuairiscítear gur maraíodh ar a laghad 15 duine eile aréir sna hionsaithe.
Deir Iosrael go bhfuil na hionsaithe dírithe ar láithreacha ina bhfuil treallchogaithe Hezbollah lonnaithe.
Dé hAoine seo caite maraíodh ceannasaí de chuid Hezbollah, Hassan Nasrallah.
Tá sé bagartha ag an Iaráin ar Iosrael go n-agrófar díoltas as a bhás.
Tá Iosrael freisin ag scaoileadh le láithreacha de chuid an Houthi san Éimín.