Tá suas le 3,000 teaghlach gan aon chumhacht aibhléise tráthnóna de réir na bhfigiúirí ó Bhord Soláthar an Leictreachais (BSL).
An droch aimsir i gCúige Mumhan agus i gCúige Laighean faoi ndear é seo a deirtear.
Tá stádas oráiste baistí i bhfeidhm do chúig chontae sa deisceart agus san oirdheisceart ó mhaidin.
Deir Met Éireann go bhfuil tuillte troma chomh maith le coinníolacha dainséaracha ar na bóithre i ndán do cheantair i gcontaetha Chorcaí, Phort Láirge, Cheatharlach, Chill Chainnigh agus Loch Garman.
Tá crainn leagtha in áiteanna.