Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Ní féidir linn fanacht le freagraí'-Pobal an Chraoslaigh

29 MEÁN FÓMHAR 2024, 17:12

Teaghlaigh ag lorg freagraí
X Facebook

Tá sé ráite ag teaghlaigh na ndaoine a maraíodh sa phléasc sa Chraoslach beagnach 2 bhliain ó shin nach féidir leo blianta a chaitheamh ag fanacht le freagraí maidir lenar tharla an lá sin.

Tá breis is scór teaghlach ar maraíodh daoine muinteartha leo sa phléasc sin a tharla i gCo.Dhún na nGall i nDeireadh Fómhair 2022 ag iarraidh go mbunófaí fiosrúchán poiblí.

'Níl sé ceart go mbeadh orainn fanacht blianta mar a bhí ar mhuintir na ndaoine a d'fhulaing sa Stardust' a deir na teaghlaigh.

Deichniúr ar fad a maraíodh nuair a tharla an phléasc ag stáisiún díolta peitril Applegreen ar an bhaile ar an 7Deireadh Fómhair 2022.

Tá fiosrúchán ar bun ag na gardaí faoi láthair maidir lenar tharla.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Dlí is Cirt, Helen McEntee go bhfuil an t-iarratas ar fhiosrúchán poiblí faighte aici óna teaghlaigh agus go bhfuil sí á mheas faoi láthair.