Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Leabhair scoile le cur ar fáil saor in aisce do gach aon dalta

30 MEÁN FÓMHAR 2024, 11:50

Leabhair scoile le cur aar fáil saor in aisce do scoláirí Ardteistméireachta ón gcéad bhliain eile
X Facebook

Fógrófar sa Bhuiséad amárach go gcuirfear leabhair scoile ar fáil saor in aisce do scoláirí Ardteistméireachta ó Mheán Fómhair na bliana seo chugainn.

Rinneadh an cinneadh i gcruinniú ag bhí ag Airí Rialtais tráthnóna inné.

Mar atá cúrsaí faoi láthair, cuirtear leabhair scoile ar fáil saor in aisce do gach dalta scoile seachas daltaí sa tsraith shinsearach.

Fógrófar amárach freisin nach mbeidh ar leanaí faoi naoi mbliana d'aois íoc as taisteal ar iompar poilbí feasta.

Faoi láthair, tá cead ag leanaí faoi chúig bliana taisteal saor in aisce ar bhusanna agus ar thraenacha na hearnála poiblí.

Fógrófar sa Bhuiséad chomh maith go gcuirfear maoiniú úr ar fáil le 1,500 cúntóir riachtanas speisialta breise a earcú i scoileanna ar fud na tíre.

Tá dhá íocaíocht dhúbailte le tabhairt roimh an Nollaig do dhaoine a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialta agus cuirfear €2 bhilliún ar fáil leis an gcostas ard maireachtála a mhaolú.

Meastar go dtabharfar creidmheas fuinnimh de €250 do gach líon tí agus go gcuirfear leis an liúntas breosla agus leis an liúntas do dhaoine atá ina gcónaí ina n-aonar.

Tá caint chomh maith ar an gcáin bhreisluacha a ísliú don earnáil fáilteachais.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ