Tá na téarmaí príosúin is faide is féidir a ghearradh ar dhaoine as cionta áirithe scine méadaithe de réir ordú atá sínithe ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee.
Leithéidí scian a bheith ina sheilbh ag duine agus rún aige duine eile a ghortú, sceana a dhéanamh nó a iompórtáil na cionta atá i gceist.
Tá na téarmaí príosúin is faide méadaithe ó chúig bliana go seacht mbliana agus ó sheacht mbliana go deich mbliana.
Dúirt an tAire McEntee gur cuireadh leis na téarmaí príosúin lena chinntiú go mbeadh an pionós ag teacht le tromchúis an chiona.
Cuireadh na hathruithe ar chlár oibre an Rialtais tar éis do ghrúpa saineolaithe teacht le chéile leis an gceist a chíoradh faoi chathaoirleacht an Aire Stáit James Browne.
Dúirt James Browne gur imní an phobail faoi chionta scine is cionsiocair leis na hathruithe thar aon ní eile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ