Deir na Náisiúin Aontaithe gur theith 100,000 duine ón Liobáin ó thosaigh na hIosraelaigh ag buamáil na tíre sin go tréan coicís ó shin. Is chun na Siria a theith an chuid is mó acu, a deirtear.
Tá daoine ag teitheadh ina dtáinte i gcónaí, dar le gníomhaireacht teifeach na Náisiún Aontaithe, go háirithe agus tuairimíocht láidir ann go bhfuil fórsaí míleata Iosrael ar tí ionradh a dhéanamh ar dheisceart na Liobáine le dúil an ruaig iomlán a chur ar Hezbollah.
Dar leis na húdaráis sa Liobáin gur maraíodh 105 duine in aerionsaithe a rinne na hIosraelaigh ar bhailte éagsúla sa tír inné.
Deir Hamas gur maraíodh ceannaire na heagraíochta sa Liobáin nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael campa teifeach Palaistíneach i gcathair na Tuíre i ndeisceart na tíre.
Maraíodh Fateh Sherif Abu el-Amin, a bhean chéile, a n-iníon agus a mac san ionsaí.
Tá sé tugtha le fios ag eagraíocht eile – Fronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne – gur maraíodh triúr comhaltaí sinsearacha den eagraíocht sin in ionsaí buamála i bpríomhchathair na Liobáine, Béiriút.
In Éimin, tuairiscítear gur maraíodh ceathrar agus gur gortaíodh 29 duine nuair a scaoil na hIosraelaigh diúracáin le calafort Hodeidah sa tír sin inné.
Deir na hIosraelaigh gur dírithe ar bhonneagar lucht Hútaí a bhí an t-ionsaí. Comhghuaillithe le Hezbollah is ea na Hútaithe.
Áírítear gur maraíodh os cionn 1,000 duine agus gur leonadh 6,000 eile sa Liobáin de bharr bhuamáil na nIosraelach le coicís.
Meastar leis go bhfuil milliún duine tar éis teitheadh óna mbailte, sin an cúigiú cuid de dhaonra na tíre.
Tá saighdiúirí Éireannacha ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe i ndeisceart na Liobáine.
Ag labhairt dó ar RTÉ óna mbunáit sa tír sin ar maidin inniu, dúirt oifigeach sinsearach, an Leifteanant-Choirnéal Seán Ó Fátharta, go bhfuil siad ar fad slán agus go bhfuil an misneach go maith acu i gcónaí.
Beidh cruinniú éigeandála ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh tráthnóna inniu leis an ngéarchéim sa Mheánoirthear a phlé.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ