Tar éis bháis tá an t-amhránaí ceoil tíre agus aisteoir mór le rá as Meiriceá, Kris Kristofferson. Bhí sé 88 bliain d'aois.
Deir a theaghlach gur ina theach cónaithe i Haváí a d'éag sé.
Bhí an-tóir ar cheol Kris Kristofferson in Éirinn agus is iomaí cuairt a thug sé ar an tír seo i gcaitheamh a shaoil.
Cé gur mhinice ag canadh ar cheirnín agus ar an stáitse ina aonar, chan sé freisin in éindí le hamhránaithe eile, The Highwaymen ina measc – scothghrúpa a raibh Johnny Cash, Waylon Jennings agus Willie Nelson páirteach ann chomh maith.
Scríobh sé cuid mhaith amhrán freisin, dó féin agus d'amhránaithe eile araon.
In Brownsville, Texas, in 1936 a saolaíodh Kris Kristofferson ach bhog sé ó áit go háit nuair a bhí sé ina leanbh mar gur saighdiúir in Arm Mheiriceá ab ea a athair.
D'eisigh sé a chéad cheirnín singil Golden Idol i 1967 agus a chéad albam Kristofferson i 1970. Tháinig an t-albam deiridh uaidh The Cedar Creek Sessions in 2016.
Bhí ceann den dá phríomhpháirt ag Kris Kristofferson sa scannán A Star is Born in éindí le Barbra Streisand i 1976 agus bhí sé i scannáin leis na stiúrthóirí Sam Peckinpah agus Martin Scorsese freisin.
Bhí an phríomhpháirt aige chomh maith sa scannán fíorchostasach Heaven's Gate leis an stiúrthóir Michael Cimino.
Maireann a thríú bean chéile agus a ochtar clainne.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ