Tugadh fear 55 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir inniu agus é cúisithe i dtaca le luach €1.4 milliún d'órbhuillean a thóg na Gardaí i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite.
Sin é Farhats Bathijevs a bhfuil seoladh aige i gCúirt Phort an Iarla i Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath.
Fuair na Gardaí ocht gcileagram déag d'órbhuillean – idir bharraí agus bhoinn – nuair a chuardaigh siad áitreabh gnó ar an Aoine.
Fuair siad €460,000 in airgead tirim agus luach €210,000 de chócaon agus de MDMA i dteach cónaithe ina dhiaidh sin.
Tá Farhats Bathijevs cúisithe i sciúradh airgid, i ngadaíocht, i gcalaois agus i ndrugaí a bheith ina sheilbh aige le rún iad a dhíol nó a sholáthar.
Dúirt Garda sa chúirt inniu nach ndúirt Farhats Bathijevs aon ní nuair a cuireadh na cionta ina leith i Stáisiún Gardaí Bhaile Uí Rónáin.
Cuireadh an cúisí siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair cúirte arís é Dé hAoine seo chugainn.
Tá bheirt bhan sna tríochaidí agus sna caogaidí fós á gceistiú ag na Gardaí maidir leis an ór agus na drugaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ