Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Iosrael chun ionradh teoranta a dhéanamh ar an Liobáin'

30 MEÁN FÓMHAR 2024, 16:20

Deisceart na Liobáine á phlúchadh ag diúracáin agus airtléire na nIosraelach
X Facebook

Tuairiscítear go bhfuil sé ráite ag na hIosraelaigh le Rialtas na Stát Aontaithe go bhfuil a gcuid fórsaí míleata chun ionradh talún a dhéanamh ar dheisceart na Liobáine gan mhoill.

De réir na tuairisce ar nuachtán an Washington Post, is ionradh "teoranta" a bheas ann sa mhéid nach mbeidh sé chomh mór leis an ionradh a rinne na hIosraelaigh ar dheisceart na Liobáine in 2006.

Is cosúil go bhfuil gach úmachan á dhéanamh i gcomhair an ionraidh ag fórsaí Iosrael ar an teorainn idir an dá thír ó mhaidin.

Dealraíonn sé go rachaidh siad thar teorainn nuair a bheas bailchríoch curtha acu ar an eagar atá siad a chur ar a gcuid saighdiúirí agus gcuid tancanna.

Idir dhá linn, tá na hIosraelaigh ag tuairgneáil dheisceart na Liobáine i gcónaí lena gcuid airtléire agus diúracán.

Tá i bhfad níos mó arm, saighdiuirí proifisiúnta agus acmhainní míleata ag na hIosraelaigh ná mar atá ag aon dream cosanta sa Liobáin agus is beag constaic a bheas sa bhealach orthu.

Deir na hIosraelaigh gurb é an aidhm atá leis an ionradh Hezbollah a ruaigeadh ó dheisceart na Liobáine ionas gur féidir le saoránaigh Iosrael filleadh ar a mbailte i dtuaisceart na tíre saor ó bhuaireamh.

Samhlaíonn sé nach gcuirfidh na Stáit Aontaithe in aghaidh phlean na Iosraelach i bhfianaise a bhfuil ráite ag Rúnaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken.

Dúirt Antony Blinekn go bhfuil an domhan níos sábháilte anois ó d'fheallmharaigh na hIosraelaigh ceannaire Hezbollah Hassan Nasrallah i mBéiriút Dé hAoine seo caite."Sceimhlitheoir brúidúil" ab ea Hassan Nasrallah, arsa sé.

Ina dhiadh sin féin, mhaígh Antony Blinken go leanfadh na Meiriceánaigh dá n-iarrachtaí cur ina luí ar gach dream atá bainteach leis an gcogaíocht in Gaza sos comhraic a chur i bhfeidhm.

I ráiteas bagrach a bhí dírithe ar Rialtas na hIaráine, dúirt Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu nach bhfuil aon chlúid sa Mheánoirthear ar féidir le naimhde Iosrael dul i bhfolach ann.

Tá sé tugtha le fios ag na hIaránaigh cheana féin nach seolfaidh siad fórsaí míleata chun na Liobáine ná go dtí Gaza.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ