Tá ionradh talún á dhéanamh ag fórsaí míleata Iosrael ar dheisceart na Liobáine ó mhoch maidine agus rún daingean acu, a deir siad, Hezbollah a ruaigeadh as an réigiún.
Dar leis na hIosraelaigh gur "ionradh teoranta" atá ann faoi láthair agus go bhfuil a gcuid saighdiúirí agus tancanna ag díriú ar ionaid ar leith de chuid Hezbollah i sráidbhailte gar don teorainn idir an dá thír.
Deir na hIosraelaigh freisin go bhfuil an t-aerfhórsa ag tacú leis na saighdiúirí coise agus na buíonta airtléire.
Tráthnóna inné, tharraing Arm na Liobáine siar cúig chiliméadar ón teorainn ach tuairiscítear go bhfuil comhaltaí de Hezbollah ag dul i dtreis leis na hionróirí.
Dar le muintir shráidbhaile Aita al-Shaab i bhfíordheisceart na Liobáine go bhfuil an áit á thuairgneáil ón aer ag na hIosraelaigh ó mhaidin.
Tuairiscítear leis gur scaoileadh diúracán nó diúracáin leis an gcampa teifeach Palaistíneach is mó sa Liobáin in aice le cathair Shiodón.
Rinne aerfhórsa Iosrael tuilleadh ionsaithe ar bhruachbhailte ar an taobh ó dheas de phríomhchathair na Liobáine, Béiriút, i gcaitheamh na hoíche.
Deirtear gur thug na hIosraelaigh fógra do dhaoine imeacht as an gceantar sular scaoil siad na buamaí uathu.
Deir Rialtas na Liobáine gur maraíodh 95 duine ar a laghad agus gur gortaíodh suas le 200 de bharr ionsaithe na nIosraelach in áiteanna éagsúla sa tír le ceithre huaire fichead.
Ina cheann sin – dar le gníomhaireacht nuachta stát na Siria – maraíodh triúr agus gortaíodh naonúr nuair a rinne na hIosraelaigh aerionsaí ar phríomhchathair na tíre sin, an Damaisc.
Áirítear thart ar 1,000 sibhialtach a bheith maraithe ag na hIosraelaigh sa Liobáin – chomh maith le roinnt comhaltaí sinsearacha de Hezbollah – ó thosaigh siad ag buamáil na tíre coicís ó shin.
Meastar freisin go bhfuil milliún duine tar éis teitheadh óna mbailte de bharr na cogaíochta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ