Tá an Rialtas den tuairim gur cheart ioncam ó infheistíocht eachtrach a athinfheistiú i mbonneagar tithíochta, fuinnimh, uisce agus iompair an Stáit, arsa duine den dís Airí a chomhfhógair Buiséad 2025 i nDáil Éireann inniu.
Ós eol dúinn go bhfuil dúshláin romhainn sna hearnálacha sin ar fad thar aon earnálacha eile, a dúirt an tAire Airgeadais Jack Chambers, tá againn tús áite a thabhairt dóibh.
Mar leis an amhantar cánach ó Apple, cuir i gcás, dhearbhaigh an tAire Chambers nach mbainfí leas as faoi thuairim caiteachais laethúil ná le laghduithe cánach a chúiteamh don Státchiste.
Thrácht sé freisin ar scaireanna an Stáit i mbanc an AIB a dhíol agus thug le fios go mbainfí earraíocht as aon fháltas lena infheistiú i mbonneagar na tíre.
Nuair a tháinig a sheal, dheimhnigh an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe gur leagadh amach Buiséad 2025 de réir an €154.4 billiún a tugadh le fios sa Ráiteas Eacnamaíochta Samhraidh a bhí ar fáil. Is méadú 6.9% ó anuraidh é an tsuim sin, arsa sé.
Buiséad 2025: roinnt príomhphointí
- €1 bhilliún d'Uisce Éireann le hinfheistiú i mbonneagar nach bonneagar tí é
- €1.25 billiún breise don Ghníomhaireacht Forbartha Talún agus €2 bhilliún don Roinn Tithíochta le tithíocht shóisialta agus inacmhainne a sholáthar
- €750 milliún leis an mbonneagar líonra leictreachais a fhorbairt
- €3.9 billiún don earnáil iompair phoiblí
- €2.7 billiún breise don earnáil sláinte as seo go ceann dhá bhliain
- €3 bhilliún do bheartais aeráide idir 2026 agus 2030
- méadú €125 ar chreidmheasanna cánach pearsanta
- an t-ioncam a ngearrtar an ráta cánach is airde air le méadú go €44,000, ar méadú €2,000 é
- an Muirear Sóisialta Uilíoch le laghdú ó 4% go 3%, tairseach ardaithe go €27,382
- an t-íosphá náisiúnta le hardú ó €12.70 go €13.50 san uair
- an creidmheas cánach cíosa le hardú ó €750 go €1,000, €2,000 do lánúin
- tairseach na cánach oidhreachta le hardú ó €335,000 go €400,000
- síneadh le chur leis an scéim faoinar féidir le ceannaitheoirí tí suas le €30,000 a éileamh ar ais ó na Coimisinéirí Ioncaim
- ardú €12 sa tseachtain ar phríomhíocaíochtaí leasa shóisialta, an pinsean Stáit san áireamh
- íocaíocht dhúbailte an mhí seo do dhaoine a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialta fadtéarmacha
- dhá íocaíocht dhúbailte sochair linbh roimh an Nollaig
- 'féirín fáilte' de €420 do thuismitheoirí a mbeirtear leanbh nua dóibh ón 1 Eanáir 2025
- creidmheas fuinnimh de €250 do gach líon tí a íocfar ina dhá chuid, ceann roimh an Nollaig
- cnapshuim de €300 do dhaoine atá i dteideal an liúntais bhreosla
- €200 do dhaoine atá ina gcónaí ina n-aonar
- €400 do dhaoine a fhaigheann an deontas tacaíochta cúramóirí agus an liúntas míchumais
- cead ag daoine os cionn 70 bliain compánach a thabhairt leo saor in aisce ar sheirbhísí iompair phoiblí
- iompar poiblí saor in aisce do leanaí faoi naoi mbliana
- maoinú úr le 1,600 cúntóir riachtanas speisialta breise a earcú, chomh maith le 786 múinteoir oideachais speisialta breise
- leabhair scoile saor in aisce do scoláirí Ardteistméireachta ó Mheán Fómhair 2025
- táillí do scrúduithe Stáit le cur ar ceal
- ardú €1 ar an dleacht ar scór toitíní ón meán oíche
- cáin bhreise de 50 cent le gearradh ar thoitíní leictreonacha
- €60 milliún do TG4, ar méadú €3 mhilliún é
- €1.928 milliún breise d'Údarás na Gaeltachta
- 1,000 Garda Síochána agus 350 oifigeach príosúin breise le hearcú
- 400 comhalta breise d'Óglaigh na hÉireann
- 400 ball foirne breise le hiarratais ar thearmann idirnáisiúnta a phróiseáil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ