Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear gafa ag na Gardaí faoi mharú fir in Eochaill

15 AIBREÁN 2025, 17:28

Bhí Daniel O'Sullivan 32 bliain d'aois
X Facebook

Tá fear 29 bliain d'aois gafa ag na Gardaí maidir le marú fir in Eochaill in oirthear Chorcaí.

Sádh Daniel O'Sullivan, a bhí 32 bliain, i dteach tábhairne ar an bPríomhshráid Thuaidh ar an mbaile ag thart ar 9.50 aréir agus bhásaigh sé san ospidéal ina dhiaidh sin.

Tuigtear gur sa bholg a sádh é agus tá scrúdú iarbháis le déanamh ar a chorp níos deireanaí inniu.

Ba as Mala i dtuaisceart Chorcaí ó dhúchas Daniel O'Sullivan ach bhí sé ina chónaí in Eochaill le roinnt blianta.

An Phríomhshráid Thuaidh, Eochaill

Deir na Gardaí go bhfuil láithreacha éagsúla á scrúdú acu mar chuid dá bhfiosrúchán faoin marú.

Mar leis an té atá gafa acu, deir siad gur tháinig sé ina láthair dá dheoin féin.

Is iad Gardaí Mhainistir na Corann atá i mbun an fhiosrúcháin agus tá siad ag achainí ar aon duine a chonaic ar tharla sa teach tábhairne teacht chun cainte leo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ