Tá plean úr cúig bliana foilsithe ag Foras na Gaeilge, an eagraíocht reachtúil trasteorann atá freagrach as réimse leathan seirbhísí Gaeilge ar fud na hÉireann.
Deir Foras na Gaeilge go bhfuil Treo Straitéiseach 2025-2030 na heagraíochta curtha i dtoll a chéile "mar thoradh ar chomhairliúchán ar thuairimí an phobail ... agus é mar aidhm aige tosaíochtaí oibre na heagraíochta do na blianta seo romhainn a aithint ag ardleibhéal straitéiseach".
Leis an uaillmhian sin a bhaint amach, a deirtear sa cháipéis, is gá "soláthar cuí acmhainní a bheith ar fáil, idir bhuiséad agus fhoireann, agus teastaíonn tuilleadh feasachta i measc an phobail maidir le fís agus misean na heagraíochta".
Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, áfach, go raibh titim de 45% in ioncam na heagraíochta ó 2008 "cé go bhfuil an t-éileamh ar ár dtacaíocht ag méadú i gcaitheamh an ama agus ní féidir linn freastal air".
Thug sí le fios "go n-oibreoimid ag an leibhéal is airde leis an dá Rialtas chun plean fadtéarmach inbhuanaithe maoinithe a aontú chun gur féidir mórchuspóirí an Treo Straitéisigh seo a bhaint amach".
Is mór an cúnamh chuige sin, arsa sí, bord iomlán a bheith ag an eagraíocht den chéaduair le blianta.
Ceithre mhórchuspóir a leagtar amach sa Treo Straitéiseach:
"Cumas: Tríd an réamhscolaíocht, Gaeloideachas, scoileanna Bhéarla, ollscolaíocht agus foghlaimeoirí fásta, tacóimid le haistear an fhoghlaimeora ó thús deiridh. Beidh bunú naíolann, tionscadal Gaelbhratach agus Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge i measc ár dtosaíochtaí le tacú le foghlaimeoirí. Tacófar leis an sprioc ó dheas go mbeidh Gaeilge ag 20% d’earcaigh na státseirbhíse trí mhic léinn a chumasú le bheith inniúil sa Ghaeilge ina saol oibre.
Tá infheistíocht mhór déanta ag Foras na Gaeilge i gcúrsaí foclóireachta agus téarmaíochta le 25 bliain anuas. Beidh sé mar thosaíocht ag Foras na Gaeilge tuilleadh acmhainní ar nós foclóir Gaeilge-Fraincise a fhoilsiú chomh mhaith le haonad buan foclóireachta agus téarmaíochta a bhunú san eagraíocht.
Úsáid: Beidh sé mar aidhm ag Foras na Gaeilge Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge a threisiú agus aonad buan pleanála teanga a bhunú san eagraíocht. Tacóimid le tuilleadh infheistíochta sna hIonaid Ghaeilge atá ann cheana agus cothóimid pleananna forbartha d’ionaid dá leithéid i ngach ceantar pleanála teanga
Creideann Foras na Gaeilge go láidir go mbaineann an Ghaeilge le cách agus gur cheart go mbeadh rochtain uirthi ag gach duine, beag beann ar chúlra eitneach ná stádas mionlaigh ná míchumas. Lorgóidh Foras na Gaeilge infheistíocht bhreise le freastal ar ghrúpaí a bhfuil éagsúlacht agus comhionannais mar chuid dá gcuid tionscadal.
Stádas agus dearcthaí: Ardóimid feasacht faoin nGaeilge trínár mórfheachtas le tacaíocht ó RTÉ, Creidim Ionat, oibreoimid ar fheachtais dírithe ar inimircigh/pobal Protastúnach, [A]ontachtach agus Dílseach ó thuaidh agus ar dheiseanna fostaíochta/nuálaíochta a bhaineann leis an nGaeilge. Cuirfimid béim ar dheiseanna idirnáisiúnta fostaíochta agus cultúrtha agus foilseofar torthaí ár mórthionscadail taighde ar dhearcadh an phobail.
Rialachas Eagraíochtúil: Déanfaidh Foras na Gaeilge athbhreithniú ar struchtúr na heagraíochta atá i bhfeidhm ó bunaíodh í 25 bliain ó shin".
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn "[go bhfuil] iarracht déanta againn anseo na nithe is mó a rachaidh chun sochair d’fhorbairt leanúnach na Gaeilge ar fud an oileáin a aithint".